Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/280

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
270
Caib. XV. 3
EÓIN

thugann toradh, glanfaidh sé í, ionus go dtabharfadh sí breis toradh. 3[1]Táthaoí-se anois glan de bhárr na cainte do labhras libh. 4Fanaidh ionam-sa, agus mise ionaibh. Fé mar nách féidir do’n ghéig toradh thabhairt uaithe féin, mura bhfanaidh sí ar an bhfíneamhuin, sin mar nach féidir daoibh-se mura bhfanaidh sibh ionam-sa. 5Mise an fhíneamhuin, sibh-se na géaga; an t-é fhanann ionam-sa agus mise ann, tugann sé sin toradh mór uaidh; óir am’ éaghmuis-se ní féidir daoibh aon nídh a dhéanamh. 6An t-é ná fanfaidh ionam-sa, caithfar amach é mar ghéag, agus feóchfaidh sé; agus tógfar é agus caithfar sa teine é, agus loisgfar é. 7Má fhanann sibh ionam-sa, agus má fhanaid mo bhréithre ionaibh, iarrfaidh sibh pé nídh is maith libh, agus déanfar daoibh é. 8As so a tugtar glóire do m’Athair, sibh-se do thabhairt mór-thoradh uaibh, agus sibh a bheith i nbhúr ndeisgiobuil agam-sa.

9Mar a thug an t-Athair grádh dhómh-sa, sin mar a thugas-sa grádh dhaoibh-se. Fanaidh am’ ghrádh. 10Má choiméádann sibh m’aitheanta fanfaidh sibh am’ ghrádh; fé mar a choimeádaim-se aitheanta m’Athar agus go bhfanaim ’n-a ghrádh. 11Do labhras na neithe sin libh ionus go mbeadh m’áthas-sa ionaibh, agus go mbeadh bhúr n-áthas-sa iomlán.


12[2]Sidí m’aithne-se, go dtabharfadh sibh-se grádh d’á chéile, fé mar a thugas-sa grádh dhaoibh-se. 13Ní’l ag aon duine grádh is mó ’ná so, go dtabharfadh duine a anam ar son a charad. 14Is sibh-se mo cháirde-se ach go ndéanfaidh sibh na neithe adeirim libh. 15Ní seirbhísigh a thabharfad oraibh feasda, óir ní fios do’n tseirbhíseach an nídh a dheineann a mháighistir. Ach is cáirde atá tabhartha agam oraibh; óir gach nídh d’ár airigheas féin ó m’Athair do chuireas i n-iúil daoibh-se é. 16Ní sibh-se a dhein mise do thoghadh: ach is mise a dhein sibh-se do thoghadh, agus do cheapadh chun go n-imtheochadh sibh agus go dtabharfadh sibh toradh uaibh, agus go leanfadh bhúr dtoradh; i dtreó, pé rud a dh’iarrfadh sibh ar an Athair am’ ainim-se, go dtabharfadh sé dhaoibh é.

  1. Supra xiii. 10.
  2. Supra xiii. 34; Ephes. v. 2; Tess. iv. 9.