Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/259

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. VIII. 22
249
EÓIN

bpeaca; an áit ’n-a bhfuilim-se ag dul ní fhéadfaidh sibh-se teacht ann. 22Agus dubhairt na Iúdaigh: An amhlaidh a mharbhóchaidh sé é féin, go ndubhairt sé, An áit ’n-a bhfuilim-se ag dul ní fhéadfaidh sibh-se teacht ann? 23Agus dubhairt sé leó: Ó’n áit thíos sibh-se, ó’n áit thuas mise; de’n tsaoghal so sibh-se, ní de’n tsaoghal so mise. 24Uime sin adubhart libh, gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeacaíbh; óir mura gcreididh sibh gur mise é gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeaca. 25Agus dubhradar leis: Cé h-é thu? Dubhairt Íosa leó: An Tusach, atá anois féin ag caint libh-se. 26Tá a lán agam le rádh agus le breithniú i nbhúr dtaobh; ach [1]tá an t-é a chuir uaidh mé fíor; agus na neithe a dh’airigheas-sa uaidh siniad na neithe a labhraim sa tsaoghal. 27Agus níor thuigeadar go raibh sé ’ghá rádh gur bh’é Dia a Athair. 28Agus dubhairt Íosa leó: Nuair a dh’árdóchaidh sibh suas Mac an Duine, ansan iseadh bheidh fhios agaibh gur mé é, agus ná deinim nídh ar bith uaim féin, ach gur fé mar a theagaisg m’Athair dom a labhraim na neithe seo. 29Agus an t-é a chuir uaidh mé tá sé am’ fhochair, agus níor fhág sé am’ aonar mé, óir deinim i gcómhnuighe na neithe a thaithneann leis. 30Nuair a labhair sé na neithe sin do chreid a lán daoine ann.

31Agus dubhairt Íosa leis na Iúdaigh a chreid ann: Má fhanann sibh ar mo bhriathar is fíordheisgiobuil agam sibh feasda; 32Agus cuirfidh sibh eólus ar an bhfírinne, agus saorfaidh an fhírinne sibh. 33D’fhreagradar é: Is de shíol Ábrahaim sinn, agus ní rabhamair riamh i n-ár ndaoraibh ag aoinne; conus a deirir-se, Saorfar sibh? 34D’fhreagair Íosa iad: Go deimhin deimhin adeirim libh, [2]gach aoinne a dheineann an peaca tá sé ’n-a dhaor ag an bpeaca. 35Ní fhanann an daor sa teaghlach do shíor, ámhthach; ach fanann an mac sa teaghlach do shíor. 36D’á bhrígh sin, má shaorann an mac sibh beidh sibh saor dáiríribh. 37Tá fhios agam gur de shíol Ábrahaim sibh. Ach ní foláir libh mise chur chun báis, mar ní bhfaghann mo bhriathar slígh ionaibh. 38Labhraim-se an nídh a chonac i bhfochair m’Athar; agus deineann sibh-se neithe a chonacabhair i bhfochair bhúr

  1. Rómh. iii. 4.
  2. Rómh. vi. 15, 16; 2 Pead. ii. 19.