Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/256

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
246
Caib. VII. 29
EÓIN

aithne agaibh-se air. 29Tá aithne agam-sa air, mar is uaidh mé, agus isé féin a chuir uaidh mé. 30Ansan bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach níor chuir aoinne lámh ann mar ní raibh a thráth tagaithe fós.

31Do chreid a lán de’n tsluagh ann, ámh, agus deiridís: Nuair a thiocfaidh Críost an ndéanfaidh sé níos mó mírbhúiltí ’ná mar a dheineann an duine seo?

32D’airigh na Fairisínigh an tsluagh ag cur ’s ag cúiteamh n-a thaobh ar an gcuma san, agus chuir na h-uachtaráin agus na Fairisínigh oificeacha chun beirthe air. 33Agus dubhairt Íosa leó: Táim agaibh fós tamall beag aimsire; agus táim ag imtheacht ag triall ar an t-é a chuir uaidh mé. 34Beidh sibh a’m lorg, agus ní bhfaghaidh sibh mé; agus an áit ’n-a bhfuilim-se, ní féidir daoibh-se teacht ann. 35Agus dubhairt na Iúdaigh eatartha féin: Cá bhfuil sé seo ag dul agus ná faighmíd é? An ag triall ar an muintir atá sgaipithe ameasg na ngeinte atá sé ag dul, chun na ngeinte theagasg? 36Cad í an chaint seo adubhairt sé: Loirgeóchaidh sibh mé agus ní bhfaghaidh sibh mé, agus an áit ’n-a bhfuilim-se ní féidir daoibh-se teacht ann?

37Agus an lá deirineach, [1]an lá mór d’aimsir na féile, bhí Íosa ’n-a sheasamh agus é ag labhairt go h-árd, agus deireadh sé: Má tá tart ar aoinne, tagadh sé chugham-sa agus óladh sé. 38 [2]An t-é a chreideann ionam-sa, mar adubhairt an Sgríbhinn: Ruithfidh as a bhroinn sruthana uisge beó. 39Agus do labhair sé an chaint sin ar an Spioraid a bhí le glacadh ag an muintir a chreidfeadh ann; óir bhí an Spioraid gan tabhairt fós, mar bhí Íosa gan dul isteach ’n-a ghlóire fós. 40Dubhairt daoine de’n tsluagh, ámh, nuair a dh’airigheadar an chaint sin uaidh: Isé seo an Fáidh gan amhras. 41Dubhairt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus dubhairt raint acu: An ó Ghaililí atá Críost ag teacht? 42Ná deir an Sgríbhinn gur de shíol Dáibhid, agus [3]ó bhaile Bhetleheim, mar a raibh Dáibhid, atá Críost ag teacht? 43Agus d’eirigh aighneas sa tsluagh mar gheall air. 44Agus ba mhian le cuid acu breith air; ach níor chuir aoinne lámh air.

  1. Lebhit. xxii. 27.
  2. Isáias xliv. 3, lviii. 11.
  3. Mich. v. 2.