Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
Caib. II. 14
5
MAITIÚ

mháthair agus imthigh go h‑Éigipt, agus fan ann go n‑innsead duit, mar beidh Héród ag lorg an leinbh chun a mhairbhthe. 14D’eirigh seisean, agus thóg sé leis an leanbh agus a mháthair, agus chuaidh sé sa n‑Éigipt; agus bhí sé sa n‑áit sin chun go bhfuair Héród bás; 15Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh, nuair adubhairt sé: [1]As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac.

16Ansan, nuair a chonaic Héród gur mheall na draoithe é, tháinig fearg ana-mhór air agus chuir sé amach a lucht airm agus mhairbh sé a raibh de mhacaibh dá bhlian, nó fé n‑a bhun, i mBetlehem agus ins na triúchaibh go léir a bhain léi, do réir an méid aimsire a fuair sé amach ó chaint na ndraoithe. 17Ansan iseadh do cómhlíonadh an chaint adubhairt Ieremias fáidh nuair adubhairt sé: 18[2]Do h‑airigheadh guth i Ráma, árd-ghol agus iomad ologón, Ráchel ag caoine a clainne, agus ná glacfadh sí sólás toisg gan iad a bheith ann.

19Tar éis bháis Héróid, ámhthach, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph i dtaibhreamh, sa n‑Éigipt. 20Agus dubhairt: Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus imthigh go tír Israéil, óir an mhuíntir a bhí ar tí an leinbh do chur chun bháis táid siad tar éis bháis. 21Agus d’eirigh seisean agus thóg sé leis an leanbh ⁊ a mháthair, agus tháinig sé go tír Israéil. 22Ach d’airigh sé Archelaus a bheith ’n‑a rí ar Iúdéa i n‑inead a athar, Héród, agus níor leig eagla dhó dul ansan; agus do tugadh foláramh dó i n‑a chodla, agus chuaidh sé i gcríochaibh Ghaililí. 23Agus tháinig sé chun cómhnuighthe sa bhaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt na fáidhe: Óir tabharfar Nasarénach air.



CAIBIDIOL III.

Seanmóineacht Eóin. Críost d’á bhaiste.

1Ins na laethanta san, ámhthach, do tháinig Eóin Baiste ag seanmóin i bhfásach Iúdéa, 2Agus deireadh sé:

  1. Ósee xi. 1.
  2. Ierem. xxxi. 15.