Page:Mo sgeal fein.djvu/63

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
49
Sgoil charaig an ime

suas maith air féin, agus an ceann go maith aige. Ach bhí sé ana theasaidhe.

Sa sgoil sin a chonac, an chéad uair riamh, rud a chuir iongnadh mo chroídhe orm, daoine óga ag foghluim focal, agus ’ghá léigheadh, agus ’ghá labhairt, agus ’ghá innsint cad é an brígh a bhíodh leó, agus gan aon phioc d’á fhios acu cad é an brígh a bhíodh leis na focalaibh ’ná leis an mbrígh! Ní baoghal go mbíodh rud de’n tsórd san sa bhaile againn. Ní baoghal go bhfágtí aon fhocal gan a bhrígh thabhairt dúinn i dtreó go dtuigfimís idir fhocal agus brígh.

Is cuimhin liom conus mar a bhinn, uaireanta, nuair a bhímís ag sgrúdughadh na gceacht agus sinn i n‑ár suidhe ag desganaibh na sgoile. Bhínn am’ shuidhe agus na buachaillí eile, cuid acu níba mhó agus níba shine go mór ’ná mé, bailighthe am’ thímpal i dtreó go mbínn múchta acu, agus mé ag freagairt ceisteana dhóibh, ’ghá innsint dóibh cad é an brígh a bhíodh leis na focalaibh a bhíodh sa cheacht. Iongnadh ortha-san cá bhfuaras-sa an t‑eólus go léir, agus iongnadh orm-sa conus fhéadfadh aoinne bheith gan an t‑eólus san. Do chíodh Cormac sinn, ach ní leigeadh sé air go bhfeiceadh. Bhíodh fhios aige go mbíodh tairbhe d’á dhéanamh, agus bhíodh sé sásta.

Níor bh’ aon iongnadh i n‑aon chor an sgéal a bheith mar sin idir mise agus na buachaillí eile úd. Níor tugadh dóibh-sin riamh an chaoi a tugadh dómh-sa ar an eólus a bheith agam ar na focalaibh Béarla úd. Ní airighdís choídhche aon fhocal sa bhaile ach Gaeluinn, nó Béarla briste. An Béarla a bhí ins na leabhraibh a bhí acu ba mhar a chéile dhóibh é agus Gréigis.

Bhí an Ghaeluinn go breagh againn go léir. Bhí sí go h‑áluinn ag Cormac féin. Bhí an clós a bhí ar

5