Page:Mo sgeal fein.djvu/108

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
XIII
MAGH NUADHAT

Sa bhliain d’aois an Tighearna míle ocht gcéad trí fichid a h-aon iseadh do chuas síos go Coláisde Mhaighe Nuadhat chun mo théarma aimsire do chaitheamh ann am’ ollmhughadh chun bheith am’ shagart.

B’ é dlígh an Choláisde an uair sin go gcaithfeadh duine ocht mbliana, nó seacht mbliana, nó sé bliana, do chaitheamh ann, ag foghluim na n-ealadhan a bhéadh riachtanach dó i dtreó go mbéadh an t-eólus ceart aige chun go ndéanfaí sagart dé. Do curtí triail ar na h-ógánaigh ag dul isteach dóibh, i n-éaghmuis na trialach a chuireadh na h-Easboig amuich ortha. Dá dtaisbeánadh an triail nár ghádh do’n ógánach na h-ocht mbliana do chaitheamh istigh do maithfí bliain dó. Ansan, dá dtaisbeánadh an triail nár ghádh dhó na seacht mbliana do chaitheamh istigh do maithfí obair dhá bhlian dó. Do maitheadh obair dhá bhlian dómh-sa. Ba mhór an tairbhe dhom é sin mar tá aer na h-áite ana dhian ar shláinte na mbuachaillí a théighean isteach ann ’ó’n dtuath. Do bhí sé dian ortha an uair sin pé’r domhan é. Ní fheadar an bhfuil aon fheabhas tar éis dul air nó ná fuil. Chuaidh buachaillí breaghtha móra láidire isteach ann an bhliain chéadna do chuas-sa isteach. Chómh luath agus bhí bliain caithte istigh acu bhí cuid acu seirgthe go maith. Nuair a théighdís abhaile i gcaitheamh rátha an tSamhraidh do chuiridís an fheóil suas airís agus thagadh a neart dóibh. Ach d’imthigheadh an fheóil agus an neart airís nuair a bhídís raint aimsire tar éis teacht thar n-ais. Nuair a bhíodh deire na h-aimsire caithte agus iad ag