Page:Leabhar na Polainne.djvu/93

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
89
LEABHAR NA PÓLAINNE.

shuaimhneas do ghlacadh. Agus do dhein sé amhlaid agfus dfág sé an chríoch gan cosnamh. Agus do chruinnig an namhaid cúnamh agus tháinig sé isteach ar thalamh an rí féinne agus do dhírigh sé ar bheith ghá argain.

13. Agus d’éirigh an rí féinne agus do chuaidh sé ag triall ar na daoine agus bhí sé ag glaoch: Glacaidh bhur n-airm! Leanaidh me chun mo chuid tailimh do chosaint mar a leanúir me fadó agus a bhíodh an bua againn.

14. Ach dubhradar san: Agus cé hé thusa, a bhriolláin, go ndéanfímís tu leanúint agus do chuid tailimh do chosaint duit? Do leanamair tu fadó nuair a ghlaodhais orainn in ainm na banríona ach ní ri féinne anois tu. Níl ionat ach duine mar chách. Agus do dhiúltuigfhdar dó.

15. Oir bhí an bhanríoghain taréis saighdiúir eile thogha amach cheana féin. Dhein rí féinne den tsaighdiúir sin, agus bhíthas umhal dó, agus do rug sé bua.

16. Agus isí an tSaoirse an bhanríoghain sin agus isí an Fhrainc ba rí féinne aici.

XXII.

1. Ar an oilithreacht daoibh nuair a thiocfa sibh isteach i gcathir, beannuighidh don chathir sin agus abraidh: Ar Saoirse go raibh agaibh. Má ghlacaid siad sibh agus éisteacht libh beid siad saor; ach má bhíon droch-mheas acu oraibh agus ná héistfid siad libh agus go gcomáinfid siad chun siúil sibh, fillfidh bhur mbeannacht oraibh féin.

2. Agus nuair fhágfa sibh an chathir nó an tír ina