Page:Leabhar na Polainne.djvu/89

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
85
LEABHAR NA PÓLAINNE.

i dtosach agus i lár baili agus sa deire; óir is mar sin a múineadh dó é ar scoil; ach toisc gan a chroidhe bheith sa chúis náisiúnta, bíodh go mbeidh a chomhrádh leagtha amach go healadhnta, be sé gan éifeacht; imeo sé agus ní bheidh cuimhne air.

11. Ach an fear ionraic, ag dul isteach sa Chomhairle dhó, bíon a chroidhe lán de ghrádh don athardha; mothuighean sé fírinne an ní a bhíon aige le rádh agus labhran sé gan cuimhneamh ar órdú a chainte, ach ina dhiadh san bíon an chaint dea-órduithe agus cuirid na luath-scríneoirí síos í mar shompla do dhaoine eile, agus bíon iongna air féin gur labhair sé chó ciallmhar.

12. Is mar sin a dhéanfid na reachtairí, lán de ghrádh don athardha, suidhcháin bhreitheamhntais do chur ar bun sa tír, do réir riachtanaisí na tíre, agus rialófar an tír go maith; molfid náisiúin eile an rialú san agus déanfid siad aithris air.

13. An Républic atá agaibhse le cur ar bun is cosúil é leis an gcoill a chuirfadh fear tuatha.

14. Má chuirean an fear tuatha síol maith in ithir mhaith, ní miste dhó deimhin a dhéanamh de go dtiocfid na crainn agus ní gá dhó bheith ag cuimhneamh ar cadé an crot a bheidh orra ná eagla bheith air go mbeidh deilgne ar na crannaibh daraighe ná duilliúr ar na crannaibh giumhaise.

15. Uime sin cuiridh grádh na hathardha agus spiorad na híbeartha agus deinidh deimhin de go bhfásfidh Républic mór áluinn asta.

XX.

I. Do thuit bean i bhfanntais lá agus do chuir a mac fios ar na dochtúirí.