Page:Leabhar na Polainne.djvu/107

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
103
LEABHAR NA PÓLAINNE.

GUIDHE AN OILITHRIG.

Bhí an Pholann agus an Lituáin fé smacht na nIagellonach ón mb. 1396 godí an bh. 1572. “I gcaitheamh an dá chéad blian san,” arsa Adam Mickiewicz, “níor cuireadh aon choir i leith Iagellonaig ar bith, aon mhíghníomh chun tairbhe dhó féin ná do réimeas a theaghlaig.” (Daoir I., 1. 395.)

Sobieski, .i. an rí ar a dtugtí Sean a III., do rugadh é 2 Meitheamh 1629, ag bun sléibhte Charpáite, agus d’éag sé in aice Bhársá 17 Meitheamh 1696.

Kosciusko, do rugadh sa Lituáin 16 Feabhra 1745, bhí sé ina adiutant do Washington le linn an chogaidh ar son saoirse Americá; do tugadh an forlamhas go léir dó le linn éirghe-amach an 24adh lá den Mhárta 1794; do bhris sé cath ar na Rúisínig ag Raclawice; do tógadh ina phrísúnach é 6 D. Fomhair ag Maciejowice; d’éag sé i Soleure san Eilbhéis 15 D. Fomhair 1817. Tugadh a chorp tharnais godí an Pholann i gCracow agus d’adhlacadh é maraon le corp Sheosaimh Poniatowski i dtuama ríthe na Polainne.


LIODAN NA nOILITHREACH.

D’iarr ambasadóirí na Polainne ar Phius a V., ar an bpápa ba dhéanaghe fuair bas fé cháil naofachta, d’iarradar taisí naomh air le tabhairt do náisiún na Polainne. “A chlann ó,” ars an papa, “cad is gá dhaoibhse taisí? Tógaidh lan doirn d’úir na Polainne; isé rud an úir sin ná cnámha daoine fuair bás ar son na hEaglaise, mar throidedar i gcoinnibh lucht an ainchreidimh; tá fuil na martar measguithe thríthe.” (Daoir Adam Mickiewicz, V., I. 85.)

Le linn na céime is crua dár rug riamh ar Republic Flórens, dfógair Savonarola Iosa Críost a bheith ina rí feasta ar Fhlórens. Le linn an ghátair a tháinig ar Républic na Polainne i ndiaig an chogaidh leis na Suédaig dhein an rí, Seán Casimir, dhein sé aithris ar Shavonarola agus dfógair sé an Mhaighdean Mhuire ina banríoghain ar an bPolainn agus ar an Lituáin. Sidé an ohuid deiridh dá mhóid: “Agus ós follus dom, agus an bron mór so ar mh’anam, gur mar