Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/84

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

Mise ba ċócaire. Ḃailiġeas cipíní giúise agus caḋráin trioma agus d’aduiġeas teine i lár an ṗortaiġ. Líonas an citeal as poll uisce ḃí i n-aice liom aċ is láidir nár ṁarḃíodar me mar ġeall air. B’éigean dom é ċaiṫeaṁ as arís agus dul go dtí sruṫán i ḃfad suas ċun uisce d’ḟáġáil.

Duḃradar liom an ceaintín bainne ċur síos i bpoll móna ċun ná géaruiġeaḋ sé leis an dteas. Rugas ar eascúin ṁóir ḟada ḃí sa ṗoll agus ar ċeann des na froganna ḃí, leis, ann. Ḃí an frog im’ póca agam agus nuair a ḃí Taḋg Mór ag ól sáspain pórtair ċuireas an frog isteaċ ann i gan ḟios do. ’Á ṁeas a ḃíos go sloigfeaḋ sé an frog, mar ba ṁaiṫ liom Taḋg a ḋ’ḟeiscint nuair a ḃeaḋ an frog ag léimriġ istiġ ann. Aċ nuair a ċuir sé an sáspan ar a ċeann ṫáinig an frog aníos ċuige agus ċuir Taḋg béic as agus ċaiṫ sé uaiḋ an sáspan.

Ċaiṫ sé aṁras láiṫreaċ ar Ḋoinniċín Eoin—gurḃ é ċuir an frog ċuige—agus ḃí sé ċun é ṡáṫ’ le píce mara mbeaḋ go rug Taḋg Óg air. Ḃí aiġneas mór ar feaḋ tamaill ann mar ḃí néal buille ar Ṫaḋg Ṁór agus ní éisteoċaḋ sé le haon réasún go ceann i ḃfad. Ḃíos féin ag breiṫ ċuġam, am baic! agus d’imiġ an frog de léim den bport síos i bpoll eile. I gcionn tamaill ċromadar go léir ar obair arís agus gan focal asta; aċ anois is arís ḃriseaḋ a ġáíre amaċ ar ḋuine éigin agus ḃídís ag sciṫiríl ċúċa féin. Ḃí Taḋg Mór anaḋúr an ċuid eile den ló.

Níor ṁór dom féin dul ag píceáil. Ḃí sé deas go leór ar feaḋ tamaill, aċ annsan ċuaiḋ na fóid i dtruime, ṁeasas, agus ṫáinig teas ar mo ḃaisíní agus d’imiġ an spórt as an scéal dom. N’ḟéadfainn stad, mar ḃí na fóid ag teaċt ró ṫiuġ orm agus ċeanglíoḋ cuid aca ar an bpíce agus ní mór ná go leagaidís me. Ḃíos cráite scólta aca agus mo ḋá ḋearnain ar lasaḋ, agus gan faeseaṁ le faġáil aċ na fóid ṁí-áiḋ ’á gcaiṫeaṁ ar fuaid na gcos agam. B’é toil Dé gur ċuiṁniġ Taḋg Óg ar an gciteal.

76