Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/75

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

Caibidiol X

MAR DO ĊUIR JIMÍN SPIAIRE I dTEANNTA

Fuspar i leiṫ, ná hinnis d’aonne ’á rugaḋ é. Táim-se im’ ṡaiġdiúir! Ar ṁ’anam ná fuil aon ḃréag ann. I n-arm na hÉireann atáim agus me ag foġluim na saiġdiúireaċta go tiuġ. Bím ag iompó deiseal agus ag iompó clé agus ag iompó ar ais agus ag bualaḋ mo ṡál le n-a ċéile. Taḋg Óg a ṁúin na focail órdaiṫe ḋom. Sé Taḋg an captaen atá annso ar na buaċaillí móra, tá’s agat. Sin é ḋein saiġdiúir díom-sa agus a ṫaisbeáin dom cionnus geáitsí an tsaiġdiúra a ḋéanaṁ. Aċ ní ḟaġaim aon ḃlas orṫa gan na bróga ḃeiṫ orm, mar ná deineann mo ċosa aon ġlór, tá’s agat. Ḃain Mam na bróga ḋíom oiḋċe nuair rug sí orm i dtiġ an ḃainne agus iad orm agus mé ag máirseáil tiompall agus ag iompó agus ag casaḋ agus ag cnagaḋ mo ṡál. Ḃíos ag bualaḋ mo ċos fúm go breá láidir. “Ar ḋeis!” arsa mise liom féin fé mar ċuala Taḋg Óg ’á ráḋ leis na buaċaillí.

“Deas agus clé, a ḃioránaiġ,” arsa Mam ag teaċt an doras isteaċ ċuġam agus am’ ḃualaḋ le ḋá ċlaḃta, deas agus clé. Annsan rug sí orm agus ḃí sí am’ ċroṫaḋ gur ṫuit na bróga ḋíom. Ní raḃadar fáisciṫe i n-ao’ ċor, tá’s agat; agus ní raiḃ aon stoca orm.

Is olc an sás mo ṁáṫair ċun misneaċ a ċur ar aonne a ḃeiṫ ’na ṡaiġdiúir ar son na hÉireann—is olc san, agus tá na seanaṁná go léir mar sin, mar nuair a ḃíd siad bailiṫe tiompall na teine ins na tiġṫe, ní ṫéiġeann aon lagaḋ orṫa aċ ag cáineaḋ na ndaoine atá ag cur isteaċ ar an ngoḃermint “atá ċoṁ láidir, a ċroiḋe,” agus “b’éidir gurab aṁlaiḋ a stopfaí an pinsiun uaṫa

67