Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/46

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

leor. Do scéiḋ na bróga air, áfaċ. Feiḋre le n’aṫair ab eaḋ iad agus iad ró ṁór do. Is aṁlaiḋ a ḃíoḋ sé á dtarrang ’na ḋiaiḋ agus gaċ aon ṗlup-flap aca.

Ceaṫrar de luċt ceoil do ḃí againn. Ṫugas féin orgán béil liom a fuair Cáit óm’ Aintín. Ag Tumaisín Bán a ḃí sé ’á ṡeinm i riṫ an lae. Ḃí trúmpa stáin ag Micilín a ṫug sé do Smulc. Ṫug duine eile mias ṁór stáin leis agus do ḃí ag gaḃáil de ṁaide air agus ḃí bucaed stáin ar sileaḋ le muineál duine eile agus ḃídís a gceaṫrar ag séideaḋ is ag bualaḋ is ag greadaḋ i dteannta ċéile agus ḋeinidís ceól breá.

Ṫugas an tor cuilinn le hiompar do Ṗeats Ṁicilín Dan agus ḃí loṁnán gaoiṫe ag Micilín Eoin a fuaireamair ó Ṫaḋg Óg nuair ṁarḃíodar an ṁuc roim Nodlaig agus ḃíoḋ sé ag bualaḋ gaċ aonne leis. Ḃí málaí ar ċuid aca agus léinte fear ar a ṫuille agus seanasciorta le n-a ṁáṫair ar foṫḋuine. Ḃí blús gorm le Nell Ṁáire Aindí ar Ṁicilín Eoin agus an riaċ pioc di d’aiṫin i n-ao’ ċor air é gur ċuiṁniġ sí uirṫi féin lá’r na ṁáireaċ.

Tiġ Ḃeit Móire an ċéad áit a ċuamair. Ḃí mo ċlaiḋeaṁ ar tarrang agam féin nuair ṁáirseálamair an doras isteaċ ċúiċi. Ḃuaileamair suas ceol di agus ḋeineamair rinnce ar an úrlár. Ḋeineamair fáinne tiompall ar Ḃeit agus sinn ag daṁas. Ċrom Beit ar rinnce í féin, istiġ i lár an ḟáinne agus b’in é an t-iongantas: promsáil Ḃeit a ḋ’ḟeiscint. Ḃí giorranáil uirṫi nuair a stad sí agus b’éigean di suiḋe.

“Ara ṁuise, is tréan na buaċaillí siḃ,” ar sise.

“Caiṫ ċuġainn dorn airgid,” arsa sinne, mar b’in é b’ḟearr linn ná aon ṗlámás.

“Airgead ab eaḋ?” ar sise. “Oċ, maran siḃ na rógairí agam!” Agus ḃí sí ag gáirí ag dul go dtí an dresser. Tá Beit anaḃeaṫaiṫe agus nuair a ġáireann sí bíonn sí ar fad ag criṫ agus annsan ní ḟéadfá féin gan ḃeiṫ ag gáiriḋe leis.

Ṫóg sí seanaṁuga den dresser agus fuair sí ḋá ṫuistiún rua ann agus ṫug sí ḋúinn é. Ḋeineamair greas

38