Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

Caibidiol IV

MAR A n-INNSTEAR ÍDE AN ĊAIT, SCÉALA AN AONAIĠ IS CEANNAĊ NA mBRÓG DO JIMÍN

Tá feiḋre nua bróg agam ó lá an aonaiġ. Táid siad go gleóite deas agus táim ag taḃairt an-aire ḋóiḃ. Táid siad anois go sciomarṫa glan os cionn na teine ar an loċta agus ċífeá tu féin insa scáil atá ionnta. Mam do ċuir anáirde annsan iad mar do ḃínn gaċ aon neomat ’á gcimilt leis an scuaib agus ag piocaḋ aon ruaine laiṫiġe ḃí idir na tairngí istiġ le blúire ’ċipín. Sí ċuir iaċall orm, leis, iad a ḃaint ḋíom ar fad i lár na báistiġe indé. Is aṁlaiḋ a ḃí log uisce, tá’s agat, amuiċ sa ḃuaile agus ḃíos im’ ṡeasaṁ ’na lár istiġ agus an t-uisce go haltaiḃ orm. Ḃíos ag triall na mbróg, ’dtuigeann tú, féaċaint an gcongoċaidís an t-uisce amuiċ. Aċ ċonnaic Mam me tríd an ḃfuinneoig agus ṫána-sa ’maċ as an log uisce sin cuiḃeasaċ tapaiḋ, adeirim leat.

Níl aon réasún le Mam. Cad é an ṁaiṫ bróga nua a ċongoċaḋ uisce ’maċ mara mbeaḋ uisce tiompall orṫa d’iarraiḋ dul isteaċ? Ní ḃfaġfá aon tsásaṁ as bróga mara mbeaḋ cead agat siuḃal tré lár an uisce leo.

Ní raiḃ ḟios agem’ ṁáṫair indé ca’ ’na ṫaoḃ go raiḃ mo stocaí ar fad fliuċ. Ḃí sí ’á ráḋ gur droċleaṫar a ḃí ins na bróga. Ní ḟeaca sí mise i n-ao’ ċor d’iarraiḋ an mála ṫarrac isteaċ as Poll a’ Lín ṫíos ar maidin le maide féaċaint cionnus a ḃí an cat a ċuireamair isteaċ ann iné roime sin. Ċuas ró ḟada ’maċ ar an ḃfaoḃar, a ḋuine, agus d’imiġ an ċos uaim agus ba ḋóbair doṁ-sa dul i n-éineaċt leis an gcat aċ go rug Micilín Eoin orm agus gur ṫairrig sé aníos me.


17