Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
7
TEAĊT JIMÍN AR AN SAOL

Ní dóiġ liom go raḃas-sa riaṁ mar sin. Ḃí caint mo ḋóṫain riaṁ agam—an iomad adeir mo Ṁam. Níl aon leiġeas agam air. Bíonn rudaí istiġ ionam agus ní ḟanfaidís socair gan iad a rá. Mura liginn amaċ iad do ḃeaḋ tinneas orm acu, agus is dóċa go ḃfaiġinn bás.

Agus tá riṫ maiṫ agam, leis. Rugas ar an ngaṁain ḃán inné; agus rugas na cosa óm Ṁam nuair a ṫug sí seáp im ḋiaiḋ i dtaoḃ an ċíste uaċtair a iṫe!

Tá’s agat, ḃí súil aici an tráṫnóna san le hinín Ṁáire Aindí ḃí tar éis teaċt aḃaile ó Ḃaile Áṫa Cliaṫ, agus ḋein sí císte uaċtair ina coṁair, agus ċuir sí dorn rísíní ann agus siúcra rua. D’ḟág sí ag fuaraḋ é ar ḃonn an driosúir.

Ṫáinig dúil ṁallaiṫe agam féin ann nuair a fuaireas an bolaḋ breá go léir uaiḋ, agus nuair d’imiġ mo Ṁam in airde staiġre ḃaineas oiread a’ frí’ as an gcíste.

Ṁeasas go ḃfaiġinn bás ḃí sé ċoṁ milis sin! agus, ’om briaṫar, ḃíos ó smut go smut go raiḃ bearna ṁór déanta agam isteaċ sa ċíste uaċtair. Ḃíos scúite ċuige, a ḋuine!

Nuair a ċualas Mam ag teaċt anuas an staiġre ċuireas díom amaċ agus ḃíos ag cur ḋá ġaṁain le Donnċa Beag as an mbuaile. Ċualas Mam ag caint istiġ.

Ṫáinig sí ’on doras. “’Jimín!” ar sise, agus ní go gráṁar é.

“Geo’-se ’maċ!” arsa mise leis na gaṁna.

“’Jimín, adeirim leat,” ar sise arís.