Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/229

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
21
THE GAELIC JOURNAL.

órdlaċ sa mbreis[1] ag aoinne’ aca ar a ċéile. Siúd ar aġaiḋ iad, uċt ⁊ com seang gaċ capaill ag cuimilt naċ mór do’n ḃféar nglas a ḃí ar an bpáirc, ceann gaċ capaill sínte go hionlán, ceann gaċ marcaiġ cromṫa anuas ⁊ iad ag gluaisioċt mar ġluaiseóċaḋ siġe gaoiṫe.

Ní raiḃ duine óg ná aosda ar an aonaċ naċ raiḃ ’n-a ċoilg-seasaṁ[2] ag faire orṫa aċt aṁáin fear na meuraċán. Nuair ḃíodar ag deunaṁ ar[3] an dara claiḋe, ṫug gaċ aonne’ fé ndeara go raiḃ an capall duḃ buille[4] beag ar tosaċ. Nuair ḃíodar ag glanaḋ an ċlaiḋe, do ġluais an capall duḃ ⁊ an capall ba ġiorra ḋó ḋá ḋruím, mar ġluaiseóċaḋ an preuċán, gan baint leis. Do ċuir an dá ċeann eile na cosa ann. D’imṫiġ an fód ó ċosaiḃ an ċapaill ba ṡia amaċ ⁊ ṫuig sé féin ⁊ a ṁarcaċ ar an dtaoḃ eile ’ċlaiḋe. “O!! . . . . tá sé marḃ.” . . . . do liúġadar na daoine go léir. Nír aiḃ an liú as a mbeul nuair ḃí sé ṫuas arís, aċt má ’seaḋ ḃí a ċapall bacaċ ⁊ b’éigion do filleaḋ.

Siúd ar aġaiḋ an triúr ⁊ an t-aonaċ ag faire orra, na daoine coṁ ciuin sin gur airiġ Séadna go soiléir na builliḋe fuinte ceolṁara toṁaiste cruaḋa a ḃuaileaḋ cosa na gcapall sain ar ḟód na páirce, díreaċ mar ḃeiḋeaḋ rainceoir ag rainceaḋ ar ċlár.[4]

Tug Séaḋna fé ndeara uim an dtaca so go raiḃ an capall duḃ go maiṫ[5] ar tosaċ, ⁊ é ag déanaṁ, ceann ar aġaiḋ, ar bata a ḃí ’n-a ṡeasaṁ ’sa ṗáirc ⁊ éádaċ éigin dearg ’n-a ḃárr. Siúd timċeall an ḃata sain é. Siúd ’n-a ḋiaiḋ an dara ċapall. Siúd n-a ḋiaiḋ sin an tríoṁaḋ capall. Siúd ar aġaiḋ i ndiaiḋ a ċéile iad, i leiṫ na láiṁe clé, soir ó ṫuaiḋ an capall duḃ ar tosaċ ⁊ é ag bogaḋ uaṫa. Do ġéaruiġ an capall dearg, ⁊ ḃí sé ag breiṫ suas ar an dara capall. Do ġéaruiġ-san ⁊ ḃíodar araon ag breiṫ suas ar an gcapall nduḃ. Annsain do ċonnairc Séaḋna ⁊ an t-aonaċ an raḋarc.[6] Do ṡearg[7] an capall duḃ sain é féin, do ḃog an marcaċ an tsrian ċuige, ⁊ iúd amaċ é mar ġluaiseóċaḋ cú ⁊ gur ḋóiġ leat naċ raiḃ cos leis ag baint le talaṁ aċt é ag imṫeaċt i n-aice an talaiṁ mar ḃeiḋeaḋ seaḃac.

Le n-a linn-sin, d’éiriġ liú fiaiḋ[8] ó’n áit ṫoir ṫuaiḋ go raiḃ na capaill ag déanaṁ air. Do tógaḋ an liú mór-ṫimċeall an aonaiġ. B’éigion do Ṡéadna a ṁeuranna do ċur n-a ċluasaiḃ nó go sgoiltfiḋe a ċeann. Ḃí gaċ aonne’ ag riṫ, ⁊ gaċ aonne’ ag liúiriġ. Do riṫ Séaḋna ⁊ do liuiġ se leó ⁊ ní raiḃ a ḟios aige cad ar a ṡon.

’Nuair do stad an riṫ ⁊ an liuiriġ, do ċonnairc Seaḋna ar a aġaiḋ amaċ seisear nó móir-ṡeisear daoine uaisle ⁊ ceann feola[9] ⁊ bolg mór ⁊ culaiṫ éadaiġ uasail ar gaċ aonne’ aca, ⁊ iad ag caint le n-a ċéile ⁊ ag feuċaint ar an gcapall nduḃ.

“An mór ar a ndíolfá é?” arsa duine aca leis an marcaċ. “Ar ṁíle púnt,” ars an marcaċ. Nuair airiġ Séaḋna an focal sain, d’iompuiġ sé ar a ṡáil, ag ráḋ ’n-a aigneaḋ féin, “Ní ḃeiḋeaḋ aon ġnó agam de. Do ṁarḃóċaḋ sé me.”

Cia ḃeiḋeaḋ ar an dtaoḃ ṫiar de aċt fear na meuracán? “Ṁarḃóċaḋ sé ṫu an ead?” arsa fear na meuracán. “Aḋé ṁaise, greadaḋ ċuġat! a ġréasuiḋe ḃig ḃuiḋe na mealḃóige, de ṡíol taoiḃíniḋ ruaḋ ⁊ meannuiṫiḋ raṁar ⁊ bréan-ḃróg, munab ort atá an t-éirġe i n-áirde, ag teaċt annso ċum capall do ċeannaċ ⁊ gan ṗinginn id’ ṗóca!”

(le ḃeiṫ ar leanaṁaint.)


TRANSLATION—(Continued).

On the following morning he started early for the fair to buy a horse and a milch cow. It was a short time until the neighbours met him. “Aroo, Seadhna,” said one of them, “what happened you yesterday evening? we all thought that it was how a thunderbolt fell upon your house and that you were burned alive. I never heard the like of it of thunder.” “You have the wrong,” said another person, “it was not thunder, but a bellowing like the bellowing of a bull.” “Whisht your mouth,” said the third person; “where is the bull that would be

  1. 4.0 4.1