Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

8

“Caiṫfiḋ mná toil na Ríoġlan a ḋéanaṁ.”

“Geineaḋ mná, agus mná Ríoġaṁla mar an gcéadna, lé ḃeiṫ uṁal—gaċ níḋ iarrfar orraḃ é ḋéanaṁ gan claṁsán.” Nuair ḃíodar i ḃfoisgeaċt ḋá lá siuḃail do Ċaiseal casaḋ Rí Cormac orraḃ.

Ḃí Flaiṫḃeartaċ, an t-árd-ċoṁairleaċ a ḃí aige, ag marcaiġeaċt ar eaċ le n-a ṫaoḃ ḋeas.

Saiġdiúir agus fear troda mór ḃí i ḃFlaiṫḃeartaċ, ċoṁ maiṫ le ḃeiṫ in’ ḟear stáit.

Nuair ṫángadar i dteannta ċéile, tar éis ḃeannuġaḋ, duḃairt Flaiṫḃeartaċ gur aṫarruiġ Rí Cormac a aigne ⁊ go raiḃ sé socair ’n-a intinn ḃeiṫ ’n-a ṡagart, ⁊ ċuir mar impiḋe agus mar aṫċuinge ar Ġormḟlaiṫ ⁊ ar Flann é scaoileaḋ ó’n ngealltaṁas.

Ṫáinig cúṁaċ feirge ar Flann; ċeap sé gur ṁór an tarcuisne agus an maslaḋ é seo ⁊ ḃeaḋ troid ⁊ marḃaḋ mór ar fad ann ar áit na mbonn, idir an dá ṡluaġ, maraċ gur ṫáinig Gormḟlaiṫ, an ḃean áluinn ṡoineanta ṡuairc anuas de ḋruim