Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/67

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XX. 14
347
Gníomhartha na n‑Aspol

sin, óir sin mar a bhí socair aige, agus go raghadh sé féin ann ar tír. 14Agus tháinig sé chúghainn i n‑Assos agus thógamair chúghainn é agus thánamair go Mitiléné. 15Agus sheól­amair ó’n áit sin agus thánámair, amáireach a bhí chúghainn, ar aghaidh Chíos amach agus an lá n a dhiaidh san do shrois­eamair Sámos, agus an lá ’n‑a dhiaidh san airís do thánamair go Milétus; 16Óir do bhí Pól ceapaithe ar sheóladh thar Ephesus i dtreó ná curfí aon ríghneas air sa n‑Ásia, mar bhí dithineas air chun, dá mb’ fhéidir dó é, lá na Cíngcíse[* 1] thabhairt i n‑Ierúsalem.

17Ach do chuir sé teachtaireacht ó Mhilétus go h‑Ephesus ’ghá rádh le sinn­searaibh na h‑eagailse teacht chuige. 18Thánadar, agus nuair a bhíodar ’n‑a láthair dubhairt sé leó :

Is eól daoibhse conus mar atá an aimsir go léir tabhartha agam i nbhúr bhfochair ó’n gcéad lá a thánag isteach sa n‑Ásia, 19Agus mé ag déanamh seirbhíse Dé le fíor-úmhluigh­eacht, ag sile deór, agus ag fulag na dtriob­lóidí a tháinig orm tré cheilgibh na n‑Iúdach; 20Conus mar nár chimeádas siar aon nídh de sna neithibh a bhí tairbh­theach daoibh, gan iad a theagasg daoibh go puibi­lídhe agus i nbhúr dtigh­thibh, 21Agus mé ag deimhniú aithrighe chun Dé, agus creidimh i n‑ár dTigh­earna Íosa Críost, do Iúdaígh agus do Gheintibh.

22Agus féach táim ag dul go Ierúsalem fé cheangal na spioraide, agus ní fios dom cad ’tá le h‑imtheacht orm ann, 23Ach go bhfuil an Spioraid Naomh ag labhairt liom coit­chianta, ins na cathrach­aibh go léir, ’ghá rádh liom gur slabhraí agus pionóisí atá am chóir i n‑Ierúsalem. 24Ach ní h‑eagal liom aon nídh dhíobh san ná ní measaim gur mó is fiú mo bheatha ’ná mé féin, ach go gcomhlíonfad mo thurus, agus seirbhís an bhréithir, a fuaras ó’n dtigh­earna Íosa, fiadh­nuise dhéanamh ar shoisgéal ghrásta Dé. 25Agus féach anois, is eól dómhsa ná feicfidh sibh mo ghnúis a thuille, sibhse go léir n‑a bhfuil siúbhalta i nbhúr measg agam ag craobh­sgaoile rígheachta Dé.

  1. .i. Lá an Spioraid Naoimh do theacht.