Page:Deoraidheacht (1920).pdf/82

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
82
Deoraidheacht

dhom’ lúbad féin le dul chuig an ngeata. Acht, ár ndóigh, ní raibh neart air. Bhí orm a dhéanamh nó ní bhéadh an t‑airgead rómham.

D’imthigh mo bhairéad leis an ngaoith. Ní dheachas ’n‑a dhiaidh. Páisde éigin a bhí ag dul ó’n sgoil a chuir ar mo cheann arís é. Bhí go leór leór ag féachaint orm, agus ag déanamh iongan­tais dhíom.

Nuair a bhíos i bhfois­geacht deich slat do’n gheata, cheapas gur chuireas an maide trí huaire agus dá fhichid ar an talamh. Ní raibh agam acht ceithre iarraidh eile. Ní fhéad­fainn a dhéanamh. Ba bheag nár bhris an gol orm, acht do chuimh­nigheas ar bheart. Chaitheas an maide uaim. Siúd ar aghaidh mé ar mo láimh agus ar mo leath-ghlúin. Bhaineas an geata amach gan an maide fhágáil ar an talamh acht trí huaire is dá fhichid. Bhí an t‑airgead le fagháil agam. Agus nach mé chaith­feadh é? Céard a bhéad le n’ithe agam? Sicíní? Dheamhan a mbéadh go dona díobh. ’Seadh, bhéadh sicín agam go cinnte. Sicín agus ruainne de bhagún agus cabáisde—dá mb’fhéidir a fhagháil. An biadh a bhí i bhfuin­neógaibh na siopaí ní bhfuair­eas aon tsásamh ann. Ní bhéadh aon bhlas air. Ní bhfuair­eas aon bhlas air. Na sicíní a bhí uaim. Sicíní a bhéadh agam! Sicíní a bhéadh agam! Dubhras é seo liom féin seacht n‑uaire déag mar pháisde bhéad ag foghluim ceachta. Bhíos ag oifig an dligh­eadóra sul ar éirigh liom cosg a chur le mo smaoin­tibh.

Ní raibh ’san oifig rómham acht an cléireach. Ní dheárna sé acht féachaint orm.

“Nár dubhradh leat go gcuirfí an t‑airgead úd chugad dhá dtagadh sé?” ar seisean.

“Níor dubhradh a leithéid liom.”

“Cuirfear​…​acht fan. Cá gcómh­nuigheann tú?”

Bhí socruighthe agam gan a dhul ar ais chuig an lóistín. Thugas an chéad seóladh a tháinic ’mo cheann dhó, agus d’im­thigheas.