Ní’l aon áird agam ar na spotaíbh dubha atá ar a chraiceann. Táim ar lár mo dhroma. Tá croinnte móra ar gach taobh dhíom. Tá an ghaoth ag crónán ’n‑a mbárr. Tá an duilleabhar go meidhreach agus go fuaimneach, acht nach bhfuil an ceól céadna dhá spreagadh aca is bhí i dtús an tsamhraidh. Táid meidhreach ar bhealach faoi leith i séasúr seo an éaga. Gach smathamh a bhuaileas na billeóga feósaidhe, déanann siad torann aisteach mar bhéadh glugar an bháis ann. Acht tá meidhir agus aiteas ar na cinn eile go bhfuilid i n‑an’ seasamh amach chomh maith sin i n‑aghaidh an bháis atá i ndán dóibh. Tuiteann ceann de na billeógaibh feósaidhe seo ar mo bhaithis. Leigim di fanacht ’san áit ar thuit sí. Tuiteann ceann eile ar mo bhéal. Táid ag tuitim go tiugh ’mo thimcheall. Ní’l ins na fearaibh fáin atá ag breacadh na páirce annseo acht billeóga móra feósaidhe a thuit ó chrann eicínt, dar liom….
Tá sop féir le mo chluais. Nuair a thagann an ghaoth air, buailtear faoi mo chluais é, agus leigim orm féin go bhfuil an sop féir ag síor-iarraidh orm féachaint air, gur rud beó é. Acht ní fhéachaim. Cuireann an sop féir úd fearg orm. Sínim amach mo lámh le n‑a bhaint. Feicim feithide buidhe fad-chosach leath-mharbh ’n‑a bhárr. Nuair a chorruighim an sop, tuiteann sé agus cuireann sé na cosa i n‑áirde uaidh le é féin a chosaint. Tugaim faoi deara go bhfuil an-chuimse aca ann, de’n chineál chéadna, agus go bhfuil an chosamhlacht leath-mharbh orra uile go léir. Táid ag dul chun suain go ceann an gheimhridh. Dá bhféadainn-se an cleas céadna a dhéanamh! Bainim an sop. Cuirim in mo bhéal é. Coiglim é ar nós bó. Ní leigim orm gur ocras atá orm….
Ocras! Céard a bhéarfadh go mbéadh ocras orm! Nár itheas mo shean-bhéile indé! Agus nach raibh an t‑airgead ag fanacht liom i n‑oifig an dligheadóra, b’fhéidir. Ní choinneóchadh an Fear Buidhe an t‑airgead uaim. Ní raibh