bocht nach bhféadfainn fuireacht leis, nach raibh pighin ruadh ’san saoghal agam, go raibh ocras orm cheana féin. Tháinic droch-mhisneach orm nuair d’imthigh sé uaim. Tháinic brón ar mo chroidhe. Nach orm a bhí an mí-ádh gur fhill mé? Dá mbéinn ’san mbaile arís, nach mé d’fhanfadh ann? Dá mbéadh droichead idir an dá oileán, nach mé a shiubhalfadh é, bíodh is go rabhas ar leath-chois!
Chuaidh bacach thart taobh amuigh. Is maith a d’aithnigheas an torann a rinne na maidí ar leacrachaibh na sráide. Ag iarraidh déirce, nó ag díol earraidhe beaga bhí sé, is dócha. Is beag nach ndeachas chuig an bhfuinneóig go bhfeicinn é—go bhfeicinn cé’n bhail a bhéadh orm féin gan mórán achair. Acht níor chorruigheas as an leabaidh. An chos adhmuid níor chuireas fúm an lá sin nó go raibh an mhaidin ann acht ag déanamh mo smaointe, agus ní smaointe áthais a bhí ionnta acht smaointe searbha duaibhseacha a ghoill ar mo chroidhe agus a chéas mé, smaointe géara goirte chuireas i dtuigsint do’n duine cé’n ghannchuid atá ’san saoghal, a chuireas i n‑úil dó cé’n neamhchomhthromacht atá ann, smaointe beódha borba teó a ghearras an croidhe ann, agus nach leigeann dó féachaint ar an saoghal arís ar an mbealach céadna is d’fhéach cheana.
Bhí ocras orm, agus ní ocras colna amháin a bhí orm an oidhche úd, acht ocras croidhe agus intinne agus anma.
XVII.
Níor fhágas an teach go ceann dhá lá agus is beag d’itheas i gcaitheamh an dá lá úd. An tríomhadh lá d’éirigheas agus bhuaileas amach. Bhí ceapaithe agam gan filleadh go mbéadh an oiread agam is d’íocfadh bean a’ tighe, bíodh sé luath nó mall.
Shíleas i dtosach go dtiubhrainn aghaidh ar oifig an dligheadóra ag ceapadh go mbéadh litir aige lem’ aghaidh,