Leig sé fead. Táinic beirt nó triúr dá mhuintir chuige.
“Glaodhaidh ar an bhfuirinn uile go léir,” ar seisean.
Glaodhadh orra. Tháinic an bhean a raibh culaith uirri mar bhéadh ar bhainrioghain na sídhe, agus an fear a bhí ag tiomáint an chapaill dhi; tháinic lucht coimeádtha na mbeithidheach allta; tháinic na ceóltóirí; tháinic beirt innealltóir a bhí go dubh agus go smeartha; tháinic an t‑aos grinn; tháinic a mná agus a gclann agus bruith a ladhar orra uile. Acht leig an fear beag buidhe air nach raibh fhios aige sin.
Léigh sé an páipéar. Go rabhas féin sásta an bhean a phósadh—sin a raibh ann. Chuireas m’ainm leis. Chuir an bhean reamhar a hainm leis agus í go cúthalach. Chuaidh beirt eile i bhfiadhnaidhe air. Chuir mo dhuine ’n‑a phóca go cúramach é.
Bhí cuid de na daoine a bhí ’sa láthair ag fagháil an-chuimse grinn as an obair. Cheapfá orm féin nach raibh aon fhear eile i nÉirinn a bhí chomh sásta liom agus lámh na mná raimhe i ngreim agam.
“Tá obair mhór le déanadh agaibh anois,” ars’ an fear beag buidhe le n‑a mhuintir, “acht anocht ar a haon déag a chlog, nuair a bhéas na daoine imthighthe a-bhaile, nuair bhéas saothar na hoidhche déanta agaibh, tagaidh uile go léir annseo, tagadh gach mac máthar agus gach inghean athar agaibh, agus mara mbeidh sgléip agus greann agus aoibhneas ann, ní mise Alf Trott.”
Bhí a mhuintir ag imtheacht.
“An-oidhche bhéas againn—an-oidhche amach ’s amach bhéas ann,” ar seisean leó, agus cheapas féin nach raibh sé a rádh acht an fhírinne. Togha oidhche bhéas againn, má tá sé ’mo chumas togha oidhche dhéanamh dhi.