smacht a chur orra. Cinneann sé ar a lucht conganta a gceannsughadh. Ní’l ceannsughadh ’n‑a gcionn. Cuid aca ag iarraidh amharc fhagháil orm féin thríd an siúntachaibh atá idir clárachaibh an bhotha. Dream eile ag léigheadh fógra atá ós cionn an dorais. Léigheann siad na focail go mall righin mar dhaoine nach raibh mórán cleachta aca ar an léightheóireacht. Cluinim gach focal:
Seóirse Coff. | |
DHÁ PHIGHIN. |
An fear buile, atá gan cos gan lámh. Féachaidh ar an bhfolt gruaige atá air nár gearradh le dhá bhliadhain déag, agus an fhéachaint nimhneach atá ’na súilibh. Mharbhuigh sé ochtar fear ’san nGearmáin. Tasbáinfear an sgian mhór fhada le n‑a ndeárna sé an gníomh uathbhásach, agus rian na fola le feiceál uirri fós féin. |
“Dhá phighin! ó dhá mbéadh leithphighin eile agam rachainn isteach,” arsa stócach díobh.
“Bhéaraidh mise pighin duit ar an sean-sgin dhuibh, a Mharcuisín.”
“Bhí tú sásta pighin go leith thabhairt uirri indé,” arsa Marcuisín.
“Bhí…acht…acht is mian liom an fear buile fheiceál⸺”
“Tabhair an phighin go leith dhom,” arsa Marcuisín arís, agus an sgian dhubh ’n‑a ghlaic aige agus é ag griogadh an stócaigh eile léithi. Bhí seisean idir dhá chomhairle. Bhí dúil mhór ’san sgin aige, acht dá sgaradh sé le n‑a chuid airgid ní fhéadfadh sé mise fheiceál.
“Tabhair an phighin go leith dhom,” arsa Marcuisín, “⸺agus…agus innseó’ mé dhuit ’ch uile shórt faoi nuair a thagas mé amach.”
Fuair sé an t‑airgead.