diabhail úd! Agus mé ’mo stáicín aithbhéise aca i gcaitheamh an achair!
Ní bréag a rádh go rabhas go díombádhach agus go leamh dhíom féin. Chaith mé mé féin ar an úrlár agus thosuigheas do mo luasgadh féin anonn ’s anall, agus ag stracadh na gruaige as mo cheann le teann cumha agus dubróin. Dubhras cúpla paidir. Gheallas i láthair Dé go mbéadh a mhalairt de shaoghal agam feasta dá mb’ é A thoil naomhtha é. Annsin thosuigheas ag gol agus ag cur na súl go dtí go raibh mo chuid féasóige fliuch le deóraibh….
Ar maidin dubhras le bean an tighe go raibh fúm imtheacht.
III.
An chéad teach eile ’n‑ar chuireas fúm, bhí sé ar an taobh eile de’n chathair agus ar an adhbhar sin ní raibh aon eagla orm go gcasfaí duine ar bith de’n tsean-chomhluadar liom. Dá mbadh rud é go mbéadh a thuilleadh airgid agam, ní ’san gcathair d’fhanfainn ar chor ar bith, acht bhí súil agam i gcomhnuidhe go bhfuighinn obair éigin, obair éasgaidh éigin bhéadh ar mo chumas a dhéanamh.
Mar sin de chuireas fúm ’san teach mhór seo. Agus nach teach mór millteach a bhí ann i ndáiríribh! Ceithre chéad fear a bhí ’n‑a gcomhnuidhe ann agus é lán. Cineál seómrín faoi leith ag gach duine dhíobh sin. Agus ar maidin d’fheicfeá gach fear aca agus a ghreim féin dhá ghléasadh aige.
Acht bhíodh uaigneas orm-sa má bhí an sluagh mór féin ann. Ba uaignighe mé, ar bhealach, i láthair an tsluaigh mhóir ná ’mo sheómrín féin ’san tsean-áit. Liom féin dob’ fheárr liom a bheith go gnáthach, agus nuair a shuidhinn ag fuinneóig ag dearchadh amach ar an tsráid, agus ar na daoinibh bhí ag gabháil thart, ar na capaill, ar na carrannaibh,