Page:Cúirt na dála agus sgéal eile - Ó Cuív.djvu/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

12

—A inghean mo chroidhe ’stigh, arsan mháthair, cad chuighe gur dheinis é sin?

—Níor ghoideas aon rud, arsan cailín bocht.

—Do ghoidis, arsan Sprionnlóir.

—Níor ghoideas, arsan cailín. Ní rabhas ach ag féachaint isteach tríd an bhfuinneoig.

—Do ghoidis an baluith, arsan Sprionnlóir, agus d’innis sé don mháthair conas mar a chonaic sé an cailín ag an bhfuinneoig.

D’iompuigh an Bhaintreabhach air agus hug sí aghaidh na muc is na madraí air, agus nuair airigh na comharsain an gleo ar siubhal do bhailigheadar i dteannta chéile agus bhíodar ag cabhrú leis an mbaintreabhaigh.

—Seo chughainn an Breitheamh, arsa duine aca, nuair a bhuail Breitheamh na Dála sa cheanntar san an treo. Cuirimís an sgéal os a chomhair.

Do hinnseadh don Bhreitheamh cnámha an sgéil.

Beidh cúirt agam Déardaoin seo chughainn arsan Breitheamh, cuirtear an chúis os mo chomhair an lá san agus tabharfad breith uirthe.

B’é b’fhada leis na daoine go raibh an Déardaoin ann go bhfeicidís cad a dhéanfadh an Breitheamh nó conas eirigheóchadh leis an Sprionnlóir. Nuair a tháinig an lá bhí tig na cúirte lán go doras. Bhí an Sprionnlóir ann agus an Bhaintreabhach agus a hinghean agus na comharsain go léir, agus Óglaigh ag stiúradh na hoibre.

Ar a haon déag a chlog tháinig an Breitheamh amach ar an árdán. Do ghlaoidh an Cléireach ar an Sprionnlóir. Do chuaidh seisean i n-áirde ar chlár na mionn. Do chuir sé an ghadaidheacht i leith an chailín, agus d’innis sé a sgéal ó thúis deire gan sgáth gan eagla.