Page:Cúirt na dála agus sgéal eile - Ó Cuív.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

8

Fuair sé gadhar ó dhuine éigin tráth agus bhí áthas air.—Beidh compánach agam anois, ar seisean, agus ní bheidh orm é dhíol. Ní bheidh uaidh ach an blúire iosfaidh sé.

Ach sar a raibh coicthigheas caitte do bhí port eile ar siubhal aige. Thug sé fé ndeara go raibh goile maith ag an ngadhar agus nár bhfuláir cosc éigin a chur leis. Ar feadh coicthighis eile ’na dhiaidh san ní raibh leath a dhóthana len ithe ag an ngadhar mbocht. An coicthigheas ’na dhiaidh san arís ní raibh leath an méid sin féin aige, agus ba ghearr go bhfuair sé bas don ghortadh.

—Is mór an trua, arsan Sprionnlóir nuair a bhí an gadhar bocht fén bhfód, gur chuimhnigh an gadhar craosach san ar bheith ar céalacain.

II.

Do bhí Baintreabhach ’na comhnaighe sa tsráidín agus mór-sheisear leanbhaí aice. Tionóntaí don Sprionnlóir ab eadh í, agus nuair a théigheadh sí ag trial air leis an gcíos gach ráithe ba ghnáth léi sicín nó lacha nó rud éigin eile a bhreith léi mar bhrontanas. Nuair a chuaidh sí ag trial air tamall tar éis bhás an ghadhair agus an cíos aice do thug sí léi lacha bhreagh ramhar agus thug sí don Sprionnlóir í.

Do chuir sé a lámh ar an lachain.

—Níl sí ró ramhar, ar seisean, go searbh, ghá leogaint air ná raibh aon mhaith innte. Fuair an Bhaintreabhach admháil uaidh ar an gcíos, agus d’imthigh sí.

Nuair a bhí sí imthithe dubhairt an Sprionnlóir leis féin go mbeadh dínnéar breagh aige an lá san. Do mhairbh sé an lacha, agus do bhain sé na cleití agus an clúmh di,