Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/39

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

21

Brian Merriman.

Is fíorḃeag a ḃfuil d’eólus againn ar an dtráṫ n-a rugaḋ uġdar ‘Ċúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe,’ ná ar an mad ina raiḃ coṁnuiḋe ar a ṁuinntir.

Tuairim na bliaḋna 1747 do rugaḋ é mar ṁeasaim. Deiċ mbliaḋna níos déaḋnaiġe ’ná san atá luaiḋte ċeana le n-a ḃreiṫ,1 aċt áireaṁ é sin ná faġaim puinn deallraiṁ air, ó d’ḟágfaḋ ná raiḃ uġdar na ‘Cúirte’ i mbliaḋain a 1780 aċt trí bliaḋna fiċead! Pé rud adeir daoine eile ina ṫaoḃ, ní ḃfaġainnse ionnam féin géilleaḋ gur duine ċoṁ bog san do rinn an tsáiriarraċt do ṁeaḃruġaḋ is do ċruinntáṫaḋ. Aċt cad is gáḃa ḋúinn ḃeiṫ ag braiṫ ar ṫuairmíḃ? Ná fuil sé le léaġaṁ againn go léir annsúd os ár gcoṁair go raiḃ an file tríoċad bliaḋan d’aois ar a luiġeade2? Leis sin, ná bíoḋ éinne d’iarraiḋ ċur ina luiġe orainn gur tar éis na bliaḋna 1756 do rugaḋ; ní ċreidfam uaiḋ é.

Brian do tugaḋ ar an naoiḋean nuair “foilceaḋ le cléir a ċeann.” Den tseantreiḃ sin Mac Meanman é, gan aṁrus. Ba díoḃ clann Conmara, agus is díoḃsan arís muinntir Ṁerrimaii, .i. an dream ṫugann orṫa féin indiu, isan ġallḃéarla ‘Merryman MacNamara.’ Aċt ní le linn Ḃriain do céadṫugaḋ Merriman orṫa, mar ḃí daoine ar an tsloinne sin in Éirinn na céadṫa bliaḋain óċoin. Ní ḃeaḋ uġdarás agamsa Brian Mac Conmara do ġairm de, mar do ḃeaḋ orm dul agus bréagnuġaḋ do ḋéanaṁ ar gaċ tásc is tuairisc do ṫárla im ṫreó go dtí so.

Bryan Merryman is gnáṫ air isna scríḃniḃ Gaeḋilge. Do réIr gaċ deallraiṁ is aṁla do rinn duine éigin Gaeḋilg do ċur ar an tsloinne sin céad bliaḋain éigin oċóin, go