Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
ix.

De ḋeascaiḃ peannscríoḃaḋ Ḃriain Merriman féin do ḃeiṫ ar iarraiḋ indiu, ar scríoḃaiḋṫiḃ eile atá mo ṡeasaṁ, féiḃ mar ċífiḋ an léaġṫóir isan ċur síos atá agam in áit eile ag tagairt do sna scríḃniḃ.

Gaḃaim mo ḃuiḋeaċus annso ó lánċroiḋe lem ḋeaġċaraid Piaras Béaslaí, do scríḃ dam an aiste ḃreaġ ḃeaċt do ġeóḃfar isan leaḃar so ar éirim is ar intinn an uġdair, ar ċrot is ar ḋeallraṁ na filiḋeaċta, agus ar obair Ḃriain i gcoṁṁeas le saoṫar filí móra do ṫárla i dtíorṫaiḃ eile. Is é is feárr ċuige, ar m’aiṫeantus-sa.

Do rinn Taḋg Ó Donnċaḋa .i. “Tórna,” Miċeál Céitinn, B. E., isan ḃFiacail, is Piaras Béaslaí scrúdaḋ cruinn mion dam ar na beartanna is ar na slaoda do ṡeólainn ċuġṫa gaċ re lá. Do rinneadar a ndíċeall ċum “me ċosnaṁ saor óm aiṁleas” agus táim fé ṁór ċommaoin ag an dtriúr ina ṫaoḃ san. Bíoḋ orm féin mar ar ġlacas a gcoṁairle in éanṗoinnte fé leiṫ.

Gaċ duine eile do ċaḃruiġ liom i sliġe ar biṫ táim buiḋeaċ de.

Mar ar éiriġ liom gaċ faḋb is cruaiḋċeist do réiḋteaċ, is é mo ṫuairim gur soṫuigse go mór an leagan so ḋen “Ċúirt” ’ná éinċeann eile do ṫárla go dtí so, agus má ġeiḃeann an léaġṫóir breis soluis ar an scéal de ḃarr mo ṡaoṫair ní beag san de ṡásaṁ daṁsa.

FIAĊRA ÉILGEAĊ.