Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

36

Do ḃí an oiḋċe an-duḃ. Do ḃí gealaḋ beag ar ṫaoiḃ a láiṁe deise. Loċán an Turlaiġ Ḃig do ḃí ann. D’éiriġ éan éigin, crotaċ nó naosgaċ, de ḃruaċ an loċa ag leigean sgreid ḃrónaiġ as. Do baineaḋ geit as Nóra nuair do ċuala sí glór an éin ċoṁ hobann sin agus siaḃrán a sgiaṫán. Do lean uirṫi agus a croiḋe ag bualaḋ i n-aġaiḋ a huċta. D’ḟág sí an Turlaċ Beag ina diaiḋ agus ṫug aġaiḋ ar an mbóṫar fada díreaċ ṫéiġeas go cros-ḃóṫar Ċill Ḃriocáin. Is ar éigin d’aiṫniġ sí cuma na dtiġṫe ar an árdán nuair do ṡroiċ sí an cros-ḃóṫar. Do ḃí solus i dteaċ Ṗeadair Uí Neaċtain, agus do ċuala sí glórṫa ó ṫaoiḃ Ṡnáṁ Bó. Do lean uirṫi ag tarraing ar an Turlaċ. Nuair do ṡroiċ sí Cnocán na Móna ṫáinig gealaċ amaċ, agus do ċonnaic sí uaiṫi moṫar na gcnoc. Ṫáinig sgamall mór treasna aiġṫe na gealaiġe agus do connacṫas di gur ḋuiḃe fá ḋó do ḃí an oiḋċe annsin. Do ġaḃ imeagla í, óir do ċuiṁniġ sí naċ raiḃ Cnoc an Leaċta i ḃfad uaiṫi, agus go mbeaḋ an roilig ar ṫaoiḃ a láiṁe deise annsin. Is minic do ċuala sí gur droċ-áit é sin i lár oiḋċe. Do ġéaruiġ sí ar a himṫeaċt; do ṫosnuiġ ag riṫ. Do connacṫas di go raḃtas ar a tóir; go raiḃ bean ċos-noċtuiġṫe ag satailt beag naċ le n-a sálaiḃ; go raiḃ fear caol duḃ ag gluaiseaċt le