Page:An Crann Geagach.djvu/19

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


“Bhfuil fhios agat nós atá aige?” arsa fear a mholta, “dá dtugthá gráinnín beag coirce dhó ar maidin, chuirfeadh sé cuid de i dtaisge ar faitchíos go mbéadh sé gann lá ’r n-a bhárach. Dar a bhfuil de leabhraibh beannuighthe san Róimh chuirfeadh!”

Rinne duine éigin gáiridh. D’ionnsuigh an fear siubhail é.

“Cé ’n gáiridh sin ort-sa, a phlaidhce?” ars an fear siubhail. “Tá sé chomh ciallmhar sin is go gcuireann sé cuid dá chuid coirce i dtaisge: nach minic bhí mé féin chomh gann sin ’s go mb’éigin dom roinnt a ghoid uaidh– marach an t-asal sin is minic bhéadh ocras orm féin agus ar mo dháréag inghean….”

D’fhiafruigh mé de an n-aithneóchadh sé cuid na gcomharsan thar cuid a mháighistir.

“Tá sé chomh cneasta leis an sagart,” arsa mo dhuine, “dá mbéadh an uile bheithidheach eile mar é ní bhéadh call le claidhe ná sgónnsa, fál ná móta– deamhan call.”

Bhí sluagh mór bailighthe timcheall orainn faoi seo. Bhí a chlann féin ann– ní fios dom an raibh an dáréag aca ann, acht an méad bhí– ní chasfaidhe ort i n-aon bhall eile i nÉirinn sgata páisdí bhí chomh giobalach salach smeartha leó, agus gach duine aca níos mí-mhúinté ná an duine eile. Bhí a bhean ann, í cos-nocht, ceann nocht, fiadhánta….

Chuir sise isteach ar an gcainnt.

“An cuimhneach leat an lá, a Pheadair,” ar sise le n-a fear, “an cuimhneach leat an lá

15