85
Cuireaḋ an ċeist ċéadna ar an mnaoi óig. Ḃí sise ar tí “le mo ḃeó” a ráḋ, aċt ḃí náire uirṫi. Céard a ċeapfaḋ na fir iasaċta seo dá leigeaḋ sí uirṫi féin gurḃ’ áil léiṫi a saoġal iomlán a ċur di i gcuideaċtain aon ḟir aṁáin, dá ḟeaḃas é? Ní raiḃ gáḃaḋ leis aċt oiread, ċeap sí. Cár ḃ’ḟios ḋóiḃ naċ mbeidís beirt san uaiġ roiṁ.....
“Ceiṫre bliaḋna ar ḟiċid,” aduḃairt sí i ndeire na dála.
Aċt níorḃ’ eól do ċeaċtar díḃ cé ṁéad bliaḋan a ḃí luaiḋte ag an duine eile!
III.
An oiḋċe sin ġluais leó beirt ṫar fairrge anonn i luing ḃroinn-ḟarsing ṫinneasnaiġ, agus ní ḋeárnadar coṁnaiḋe gur ṡroiċeadar an t-oileán uaigneaċ, áit a raiḃ orṫa maireaċtáil go—ní raiḃ ḟios aca cé’n ḟad, agus ní laḃróċaidís ’na ṫaoḃ go dtí go n-imṫiġeaḋ an dream eile.
Ḃí an ġealaċ ag éirġe aníos as an ḃfairrge nuair a ṫáinig an ḃean amaċ as an mboṫa a ḃí ullṁuiġṫe ’na coṁair le caint a ċur ar an mac ríoġ. Ḃí sgáṫ uirṫi laḃairt leis. Ḃí eagla uirṫi a ráḋ leis go mbeaḋ orṫa sgaraḋ le ċéile i gceann ceiṫre mbliaḋna fiċead. Naċ é ḃeaḋ ar buile léiṫi nár sgríoḃ sí “le n-a beó” ċoṁ maiṫ leis féin!
Ḃí seisean ’na ṡuiḋe taoḃ amuiġ den doras faoi ċrann fíneaṁna agus é ag dearcaḋ uaiḋ go brónaċ ṫar an ṁuir ċiúin ṡolus-ḃáin i dtreó tíre a ḋúṫċais.
“Goidé an ġruaim sin ort, a ċuid?” ar sise go bog gráḋṁar.
Níor ḟreagair sé í.