73
croinnte ag cromaḋ faoi ṁór-ualaċ toraḋ, toibreaċa fíoruisge—uisge! uisge! dá mbéaḋ braon aca!
***
Ḃíodar uile i ndeireaḋ na ndéiṫe. Ní raḃ i ndán ḋóiḃ aċt an bás, an bás millteaċ. Ba léir don uile ḟear dá raiḃ ann go raiḃ sé ag teannaḋ leó, ag teannaḋ leó go réiḋ socair le coisméigiḃ malla cúramaċa. Ḃí cuid aca ann, agus do ċonnaiceadar é ’na ċló agus ’na ṗearsain, agus nuair d’iarr an t-árd-ṡagart orra uile caḃair iarraiḋ ar na déiṫiḃ, na daoine seo ċonnaic an bás i bpearsain, ní ar na déiṫiḃ ḃíodar ag guiḋe aċt ar an mbás. Ba ġeárr an t-aċar go ḃfaca an t-ard- ṡagart féin é. Ċonnaic cáċ é. Ċonnaic cáċ an fear árd duḃ-ġnéaċ a ḃí ag déanaṁ orra. Ḃí dubrón agus doilġeas an tsaoġail ’na aġaiḋ, aċt má ḃí féin do ċeap mo ṁac go raiḃ an-ċosaṁlaċt aige leis an ngeógaċ úd a ċam srón ríoġ an Ṗártiġ, a ċam srón an ríoġ ċumasaiġ Cann-Aman, aċt ní raiḃ san gceapaḋ sin is doċa aċt ceapaḋ ocrais.....
An bás a ṫeaċt ar ḋuine i lár fásaiġ! Gan do ċnáṁa uaisle a ḃeiṫ i ḃfoċair cnáṁa do ṡinsir, a Ṡíneaċa aoiḃinne! Ó! ḃó! ḃó!
Do laḃair an fear árd:
“A Ṗárteaċa, leanaiḋ mise,” ar seisean.
Níorḃ eól do neaċ dá raiḃ sa láṫair an i dtír na marḃ a ḃíodar nó narḃ’ eaḋ. Níorḃ’ aoiḃinn le neaċ dá raiḃ ann a ṫuilleaḋ aiṫne ċur ar an ḃfear árd duḃ-ġnéaċ a casaḋ leó. Ṫáinic cineál lagair agus trom-luiġe ar a ḃfurṁór le neart a n-uaṫḃáis roiṁ an ḃfear árd ċoiṁ- ṫiġeaċ.
Aċt do ṫreóruiġ seisean iad; do ṡéid sé stoc agus do ṫáinic a ṁuinntir ċuige, dá ḟear déag aca agus an feisteas céadna orra is ḃí air féin .i. brat fada duḃ