Jump to content

Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/77

From Wikisource
This page has not been proofread.

67

Ḃí an inġean áluinn ag dul i n-aois faoi ’n am seo! Ba ró-ḃaoġalaċ naċ ḃfuiġeaḋ sí fear-ċéile oireaṁnaċ ar ċor ar biṫ, agus tá ḟios ag an saoġal go mba ṁór an náire inġean ríoġ a ḃeiṫ gan céile. Ċruinniġ an rí na coṁairleóirí uile le ċéile. Ḃí na hárd-ṡagairt agus na saoiṫe agus na leaġa ar an gcoṁḋáil sin. Ḃí Cann- Aman ann, agus é go dorrḋa duairc dúṫraċtaċ, mar ba ċóir do ríġ a ḃeiṫ. Ċuireadar impiḋe ar a ndéiṫiḃ cuidiuġaḋ le n-a saoṫar ṁór. Ċaiṫeadar trí lá agus trí oiḋċe ’n-a dtrosgaḋ sul ar laḃraḋ focal. Ní fir ċainnteaċa a ḃí ionnta ar aon tsaġas cuma. An t-árd-ṡagart a laḃair i dtosaċ, agus do laḃair sé go réiḋ agus go mall agus go smaointeaċ agus an ċuideaċta uile ag slogaḋ na ḃfocal a ṫáinic amaċ as a ḃéal. Ḃí giolla sa láṫair agus ní raiḃ de ġnó air aċt aire ṫaḃairt do ġloine na n-uaireann. Ar a ḃeiṫ críoċnuiġṫe don árd-ṡagart, rug an giolla seo ar ġloine na n-uaireann agus do ċuir i dtreó í, agus ní raiḃ cead ag aon neaċ laḃairt arís go raiḃ an gaineaṁ ag tóin na gloine, aċt iad uile ag maċtnaṁ ar ḃriaṫraiḃ an árd-ṡagairt. An rí féin, Cann-Aman cumasaċ, an ċéad duine eile a laḃair. Cainnt ċruaiḋ ríoġḋa aduḃairt sé nár tuigeaḋ go ró-ṁaiṫ. D’iompaiġ an giolla an ġloine ar a ḃeiṫ críocnuiġṫe don ríġ. I gceann uaire eile, do laḃair fear—fear a raiḃ cáil ṁór air, ar ṁeaḃair agus ar ṫuigsint, aċt níor éiriġ leis siúd an ċeist ṁór a réiḋteaċ. Nuair a ḃí a ċainnt siúd raiḋte aige, agus gloine na n-uaireann i ngreim ag an ngiolla le n-a iompuġaḋ, do ċualadar uile an foṫram agus an gleó mór taoḃ amuiġ den árus ríoġḋa. Ḃí an doṁan mór fear bailiġṫe ann ó ṫosuiġ an ċoṁairle, agus iad ag feiṫeaṁ le sgéala go foiġideaċ. Aċt céard a ḃí ar siuḃal aca anois? Cé’n fáṫ an tormán? An ar buile a ḃí an sluaġ? Ṫuit eagla ar a raiḃ cruinniġṫe i dteaċ na coṁairle