59
uile ag dul isteaċ i n-aon daṫ iongantaċ aṁáin i n-uaċtar na spéire. Agus leis an solus áluinn seo, do ċonnaic an pobul na gaḋair agus na muca, na leoṁain agus na leopáird ag imṫeaċt leo ṫrí ċoilltiḃ an ġleanna; do ċonnaiceadar aḃainn ṫeineaḋ anuas ċuca ó ṁullaċ an ċnuic—aḃainn ṁór uaṫḃásaċ a sguab léiṫi a raiḃ ’san mbealaċ; do ċonnaiceadar Aca-Cann árd-ṡagart ar ṁullaċ carraige móire, a ḃrat bán ag imṫeaċt leis an ngaoiṫ, a aġaiḋ tugṫa ar na spéarṫaiḃ ag taḃairt árd- ṁolaḋ do na déiṫiḃ gur ċuireadar i n-iúl dá ṁuinntir go raḃadar ag déanaṁ a leasa. Aċt ġaḃ uaṁan a ṁuinntir; do leigeadar siúd aon ḃéic aṁain, agus do ṫeiṫeadar.....
II.
Deir an sean-staraiḋe Síneaċ gur ċreid sé féin naċ raiḃ san sliaḃ teineaḋ seo aċt finnsgéal a ċum sgéal- aiḋṫe an Ṗártiġ le iongantas a ċur ar a luċt éistṫe, ar nós na sgéalaiḋṫe uile; “go deiṁin,” ar sé, “ní ċuirfinn ’mo leaḃar ar ċor ar biṫ é, muna mbeaḋ gur innis mo ṡean-ċara dílis Uncá ḋom go ḃfaca sé a leiṫéid de ṡliaḃ, le n-a ḋá ṡúil féin, ar an turus a ṫug sé ar na Críoċaiḃ ó ḋeas agus ar Oileánaiḃ na Mara Reóiḋte; agus deir Uncá liom naċ ndéanann muinntir na gCríoċ agus na n-Oileán úd iongantas ná uaṫḃás de na sléiḃtiḃ teineaḋ seo, mar is dóiġ leo go mbeaḋ an doṁan ró-ṫe muna mbeaḋ go n-éaluiġeann an teas amaċ ar an dóiġ sin.....”
Tá cúnntas fada ag an sean-staraiḋe annseo ar imṫeaċtaiḃ a ċarad. Molann sé ar eólas, agus ar ḟírinne, agus ar ḟeallsaṁnaċt é; aċt ó’s fearr de sgéalaiḋe ná de ṁoltóir é, ní ḃacfad aċt le n-a sgéal.
“Má ṫréigeadar a n-árd-ṡagart ’san ḃfásaċ féin,” ars’ an sean-staraiḋe, “do ġlacadar a ċoṁairle mar ḃí