44
Ḃí an Dall ar a ġlúnaiḃ ag glanaḋ an ḟíona a dóirteaḋ nuair d’éiriġ an fear coiṁṫiġeaċ de ṗreib, rug greim daingean air, ḋearc isteaċ ’n-a ḋá ṡúil agus ṫáinig an creaṫaḋ an aṫ-uair air.
“An mbíṫeá-sa ar lorg déirce i gcoṁarsanaċt Iarusalem tá cúpla bliaḋain nó trí ó ṡoin ann?” ars’ an fear coiṁṫiġeaċ.
“Ḃínn,” ars’ an Dall.
“Ḃí moille raḋairc ort an uair sin, naċ raiḃ?”
“Ḃíos ’mo ḋall.”
D’ḟéaċ an ḃeirt aca ar a ċéile go géar ar feaḋ sgaṫaiṁ ḃig. Tosuiġeaḋ ar ċeól a spreagaḋ ar gcúl mar a raiḃ na saiġdiúirí; ceól an neber a ḃí ar siuḃal ann, agus ṡílfeá go raiḃ an ceól ag teannaḋ leat gaċ móiméad. Ḃí freisin; san bpáirc ar ċúl an tiġe tosuiġeaḋ ar an gceól, aċt ḃí an ceóltóir ag teaċt ċuig an tiġ agus a ġléas ceóil ar iomċur aige. Ċonnaic an Dall é, agus d’aiṫniġ. Ċuala sé na saiġdiúirí dá ṁolaḋ; dá gcreidtí an molaḋ úd, níor rugaḋ ariaṁ aon ċeoltóir a ḃí ċoṁ clisde le Saul ó Ṫarsus. Aċt níor ċuala an fear coiṁṫiġeaċ an ceól; ní ḟaca sé aon ní aċt an Dall a ḃí ós a ċoṁair amaċ.
“An cuiṁin leat Aoine áiṫrid sé nó seaċt de ráiṫíḃ ó ṡoin?” ar seisean, “céasaḋ .... céasaḋ cime, céasaḋ cime aduḃairt go raiḃ sé ’n-a ríġ ar Iúdaiġiḃ ar Ċnoc Ċalbaire. Cuireaḋ saiġead isteaċ ’n-a ṫaoḃ.....”
Ḋearc an Dall ’n-a ṫimċeall go faiteaċ imniḋeaċ. Ḃí sé i n-aiṁreas ar an ḃfuinteóir, aċt ḃí an duine sin imṫiġṫe. Ḃí sé i n-aiṁreas ar an ḃfear ċoiṁṫiġeaċ; ní raiḃ ḟios aige naċ braṫadóir a ḃí ann.
“.... cuireaḋ an saiġead ṫrí n-a ṫaoḃ,” ars’ an té úd agus gan áird ar a ċuid cainnte, “Ṫug sé a ċuid fola .... is cuiṁin liom an lá go maiṫ..... Cuireaḋ an saiġead i láiṁ ḋaill a ḃí sa láṫair, agus ’sé rinne an gníoṁ. Tá an dall úd sa láṫair anois.”