Jump to content

Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/48

From Wikisource
This page has not been proofread.

38

draoiḋeaċt éigin ’n-a súiliḃ niṁneaċa a ġreamuiġ annsin mé agus an pobul ag teaċt ’n-ár dtimċeall ó gaċ áird.

“Agus cuirfiḋ an t-Impire fios ort ċum na Róiṁe agus bainfear do ríġe agus do ḟlaiṫeaṁnas díot agus díḃreóċar ṫú go críoċ ċoiṁṫiġeaċ agus buailfiḋ an iomad galar agus aicíd ṫú .... i n-aisling ċím sean-ḟear loḃṫa brocaċ ’n-a luiġe ar ċíb sléiḃe i bpóirṫín agus na céadta míle cruṁ ag toċailt ’n-a ċuid feóla agus ag tollaḋ a ċnáṁ. Tá folt fada liaṫ air, aċt tig gaċ slám ḋe leis agus é ġá ṫoċas féin. Níl duine ann le fóirṫín air. An rud ṫéiḋeas ’n-a ḃéal i ḃfuirm bíḋ tig sé amaċ as i ḃfuirm mionna móra.....”

Sgairt sí ag gáiriḋe.

“Agus ceapann tú go mbeiḋ suaiṁneas agat nuair naċ mbeiḋ mise ’do ġar! Ná ceap sin, a amadáin! Beiḋ mé ’do ġar. Beiḋ! Beiḋ! Agus ní ḃeiḋ de ċuram orm ann aċt a ċur i gcuiṁne ḋuit ó am go ham gur mar ġeall ar an mnaoi dá dtug tú gean uair atá an ḃail sin ort.....”

***

Cailleaḋ í mí ó ṡoin, a Réisín. Níor sgar sí liom ariaṁ aċt dom ċráḋ de ló agus d’oiḋċe. Iongantaċ liom fuaṫ agus éad mná a tréigeaḋ, a Réisín, a ṁic altroma, aċt is iongantaiġe liom go mór an saġas feallsaṁnaċta atá aca san Róiṁ faoi láṫair; suiḋ annseo i n-aice liom agus innis dom beagán eile faoi ḟeallsaṁnaċt na Stóiceaċ ar ar ṫráċt tú ċeana ... aċt fainic ṫú féin ar na cruiṁ: táid timċeall ort i ngaċ uile áit.....