Jump to content

Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/46

From Wikisource
This page has not been proofread.

36

Ní baileaċ a ḃí an coṁluadar éalaiġṫe uaim, agus mé fágṫa liom féin i n-Árus mór dorċa na ḃFleaḋ go dtáinic Herodias isteaċ. Níor leigeas orm go raiḃ uaṁan ná imniḋe orm faoi ġníoṁarṫaiḃ na hoiḋċe. Ba ḋóiġ le duine ar an mnaoi nár ċuala sí aon ċeó faoi’n dí- ċeannaḋ.

“Do ḃeaṫa agus do ṡláinte, a ṫeatrairc na Gaililí!” ar sise go caoin moḋṁail. “Naċ luaṫ d’imṫiġ an coṁ- luadar uait? Cé nár ṫaiṫniġ an daṁsa Arabaċ leó? .... Óċ! Céard seo? Fuil? Ní breáġ liom fuil: cuir fios ar ġiolla leis an urlár a ġlanaḋ. Iongantaċ liom naċ féidir le dream fear a ṫeaċt le ċéile gan aċrann ḃeiṫ eatorra!

“Ní raiḃ aon aċrann ann, a ríoġain,” arsa mise. “Sin fuil fáiḋe.”

“Fuil fáiḋe! Níor ċeapas go raiḃ aon ḟáiḋ san tír seo le na céadta móra bliaḋan.”

“Sin fuil duine dá dtug tú fuaṫ. Sin fuil Eóin Ḃaisde a ḃíoḋ dod’ ṁallaċtuġaḋ de ṡíor. Díċeannaḋ é anoċt.”

“Tá ḟios agam sin. Ḃronn Salomé a ċeann orm mar ġeall sí .... aċt ní raiḃ ceart agaiḃ an tÁrus breáġ seo a ṡaluġaḋ le n-a ċuid fola.”

“Agus ḃronn Salomé a ċeann ort!”

“Ḃronn.”

Ḃí sí ’n-a tost ar feaḋ sgaṫaiṁ ḃig. Ṫáinic aṫruġaḋ gné ḋi. Ċúb sí í féin ar an urlár ar nós ainṁiḋe allta ḃéaḋ ag faire ar a ċuid. Ní raiḃ le feiceál agam san dorċadas aċt aġaiḋ ḃán agus súile niṁneaċa a ḃí ag dul ṫríom.

“Bronnaḋ an ceann orm, a ṫeatrairc,” ar sise, “aċt ná ceap gur mar ġeall ar a ḃriaṫraiḃ baoise ḃíos ’ġá lorg. Ná ceap aċt oiread go raiḃ aon eagla orm go