31
luċóg, agus mé dearḃṫa go raiḃ sí faoi mo réir agus faoi mo ċeannas agam ar feaḋ an aċair!
“Damsóċad duit agus don ċuṁlódar, a ṫeatrairc, aċt ní ḃeiḋ fuinneaṁ ’mo ċosaiḃ ná gleoiteaċt ’mo ġluaiseaċt....!
Ar casaḋ leat duine ariaṁ, a Réisín, a ḃíoḋ idir ḋá ċoṁairle an tráṫ ba ċóir ḋó ḃeiṫ ar aon ċoṁairle ḋaingin aṁáin? Ḃí an sgéal aṁlaiḋ agam-sa nuair aduḃairt an ṁaiġdean an ċainnt sin. Le n-a maslaḋ, le táir agus tarcuisne ṫaḃairt di, le n-a ceannsuġaḋ, le smaċt a ċur uirri, le n-a náiriuġaḋ, le fuaṫ ḋi a ḟaduġaḋ ’mo ċroiḋe féin, is le n’aġaiḋ sin ṫugas ann í, ṫéinte is go mbéaḋ cead cinn, cos agus coṁairle agam uaiḋ sin amaċ: Aċt a Réisín, a ṁic altroma, ná tóg orm é—nuair a ḃeireaḋ sí aġaiḋ orm ó am go ham agus nuair d’ḟeicinn an ḃaiṫis ḃán ḟuar a ḃí uirri aṁail marmar Ṡléiḃe an Uaignis; agus na súile móra lonnraċa a ḃí faoi, a raiḃ boige agus milse agus doirċeaċt oiḋċe ionnta; agus an ḃráġaid a ḃí ag árduġaḋ agus ag ísliuġaḋ go riaġalta ar nós tonnta na mara; agus an béal bog tais a ḃí cosaṁail le rós dearg iar n-a ḋúiseaċt maidin drúċta; agus nuair a ċualas an glór a ṫáinic ón mbéal sin, glór ba ċeólṁaire agus ba ḃoige agus ba ṫaiṫneaṁaiġe ná glór na mílte colúr bán ċualamar beirt i ndoire coille cois na Róiṁe uair, a Réisín—’seaḋ, nuair do ċonnaiceas agus nuair do ċualas na neiṫe sin, an iongnaḋ leat go dtáinic caṫuġaḋ orm? Níor ġéilleas don ċaṫuġaḋ, áṁṫaċ. Níor ġéilleas don ċaṫuġaḋ iomlán ba ċóra dom a ráḋ. Dá n-iarraḋ sí orm í sgaoileaḋ saor ar an nóiméad sin do ḋéanfainn é, is eagal liom. Ná hiarr leaṫ-aisge go deó, a Réisín. D’iarr Salomé an leaṫ-aisge. Níor ḋuḃairt sí aċt:
“Déanfad Daṁsa an Leinḃ ḋuit.”