27
ar an aer ḋi tráṫ, ’na coluṁain donn-ṁarmair gan cor aisti tráṫ eile; níor baineaḋ cor ná casaḋ as colainn duine ariaṁ nár ḃain sise as a colainn féin le aoiḃneas a ṫaḃairt do na fearaiḃ meisge a ḃí timċeall uirri dá molaḋ.
“Dá ḟeaḃas í,” arsa mise, “tá rinnceóir eile sa teaċ seo agus ṡáruiġ sí í.”
Ḃí aiṁreas ar an gcuideaċtain. Níor laḃair éinne.
“An ḃean rinnce eile,” arsa mise, “’sí an ḃean is clisde agus is áilne déanaṁ agus is gile cneas agus is gleóite cos agus troiġ, agus is duiḃe súil agus is coṁ- ṫruime déad dár ṁair ariaṁ. Tá fuil ríoġḋa ’n-a cuisleaċaiḃ. Is aoiḃinne a gluaiseaċt ná solus na gealaiġe ag rinnce ar ṁuir na Gaililí. Ní deirge caora an tsóláis ná a ḋá béal. Marmar ḋuḃ líoṁṫa Ṡléiḃe Eróim faoi loinnir ġréine i ndiaiḋ ceaṫa a ḋá súil. Ón londuḃ ġoid sí a guṫ. Coraiḋeaċt na gcéadta naṫair niṁe balḃ i bpéin dlaoiṫe fiġte a tiuġ-ḟuilt.” ....
Ḋearcas ’mo ṫimċeall ar an gcuideaċtain fear. Ní raiḃ cor ó éinne aca aċt a súile uile sáiṫte ionnam agus iongnaḋ orra cé’n cleas a ḃí fúm imirt. Ḃí Herodias ag éisteaċt liom freisin aċt nár facṫas í: an ḃean sin dá dtugas gean agus searc tráṫ a maslaḋ sinn a ḃí uaim— dá ḃféadfainn iallaċ a ċur ar Ṡalomé daṁsa áiṫrid Arabaċ a ḋéanaṁ ós coṁair na ḃfear meisgeaṁail drúiseaṁail a ḃí sa láṫair nárḃ’ ṁór an maslaḋ don ḃeirt é? Cárḃ’ ḟios dom naċ laġdóċaḋ sé an tsearc? Ḃí baraṁail agam naċ mbéinn ag tnúṫ léiṫi a ṫuilleaḋ dá ndéanfaḋ sí an daṁsa barbarḋa a ṫaiṫniġ leiṫi ós coṁair na ḃfear .... ar ṫug tú faoi deara ariaṁ, a Réisín, goidé an caṫuġaḋ mór ṫagas ar ḟear, an ḃean dá dtugann sé gean a ċroiḋe a ḃrúġaḋ faoi ċois? Ṫug ar ndóiġ; nuair a ḃíos an iomarca cuṁaċta ag an mnaoi air, ’seaḋ ṫagas an caṫuġaḋ sin.