18
Agus deireaḋ an gasúr eile nar ḃ’é aċt fear díċeannta Eoin Baisde. Annsin ċuireaḋ an ḃeirt aca goṫa troide orṫa féin, agus ḃéaḋ ar a máiṫreaċaiḃ boċta a gcosaint ar a ċéile, agus deireaḋ bean díoḃ—
“Má’s é Iúdás féin é, a ṁic....”
Ċuireaḋ an focal sin an ḃean eile ar buile agus ṫigeaḋ fir na beirte amaċ annsin leis an aċrann a réiḋteaċ—aċt naċ ḃfuil ḟios ag an saoġal mór céard a ṫárluiġeaḋ annsin? Aċt níl ḟios ag éinne cé ṁéad cloigeann a gortuiġeaḋ i gcaiṫeaṁ na bliaḋna sin a raiḃ an coiṁṫiġeaċ óg ar an mbaile.
***
I n-annálaiḃ Saċaman na Samaria tugtar “an cogaḋ mór” ar imṫeaċtaiḃ na bliaḋna sin. Aċt ḃí cogaḋ eile ann an uair ċéadna, aċt naċ ḃfuil aon ċunntas le faġáil air ’sna leaḃraiḃ staire. “Cogaḋ na ḃfear le n-a mnáiḃ” ba ċirte ṫaḃairt ar an gcogaḋ eile seo.
Ḃíoḋ an coiṁṫiġeaċ óg a raiḃ aġaiḋ an ḃáis air ag imṫeaċt ar fud an ḃaile, agus ar fud na gcnoc maol cloċaċ atá timċeall air ’n-a aonar. Ḃíoḋ sé ag imṫeaċt roiṁe i gcoṁnaiḋe go dúr doiċeallaċ agus falaċ ar a ṡúiliḃ ar eagla go gcuirfeaḋ sé sgannraḋ ar an asal óg le hais na sliġe, ná ar an ngaṁan san bpáirc, ná ar an mnaoi a ḃí le cloinn. Ba ṁinic dó ḃeiṫ ag cainnt leis féin aċt níor cluineaḋ ariaṁ ó n-a ḃéal aċt—
“Is peacaċ mé! is mór an peacaċ mé!”
Ṫug sé faoi deara go raiḃ aċrann ar bun ar fud an ḃaile, aċt má ḃí ḟios aige go mb’é féin ba ċionntsiocair leis an aċrann níor leig sé air go raiḃ ḟios. Ḃí ḟios aige go mbíoḋ eagla ar na daoine castaoi leis roiṁe. Ḃí ḟios aige go dtug dream díoḃ Iúdás air, agus gur ċeap dream eile go mb’é fear díċeannta Eóin Ḃaisde é.