12
ba ḃeag an ṁoill orṫa an dá ṡoiṫeaċ ṁóra criaḋ a líonaḋ agus a gcroċaḋ suas ar ṁullaċ a gcinn agus gluaiseaċt leó. Ḃí ḋá casán ann, ón tobar go dtí an baile beag ’n-ar ċoṁnuiġeadar; an iongnaḋ é gurab é an casán a ṫug an-ġar d’ḟear óg na gruaige fada duiḃe a ṫaisdealadar? An iongnaḋ é gur ṫosuiġadar arís ar an gcrónán ag gaḃáil ṫairis dóiḃ, le go musglóċaidís é as pé suan no maċtnaṁ ’n-a raiḃ sé? Aċt níor ṁusgail an crónán é. Níor ṫóg sé a ċeann. Níor ḟéaċ ’n-a dtreó. Ḃíodar imṫiġṫe fiċe slat ṫairis nuair d’ḟéaċ duine acu ’n-a diaiḋ go ḃfeicfeaḋ sí goidé an cineál fir a ḃí ann. Maraċ gur ḟéaċ, go ġaḃfaḋ an ḃeirt aca san uaiġ, agus baraṁail aca gurab é sgoṫ na ḃfear áluinn a ḃí ’n-a ṡuiḋe ar ṁullaċ Ġiall an tSean-leaṁan Ṁanntaiġ an lá gréine saṁraiḋ sin.
Tá sé ráiḋte ag fear éigin naċ ḃféadfaḋ bean coṁairle a ġlacaḋ agus fios uaiṫi; níor éiriġ le mnaoi Lot é ḋéanaṁ, agus is eól dúinn uile céard d’éiriġ ḋi. Ní deárnaḋ coluṁan salainn de ṁnaoi óig an tsoiṫiġ criaḋ, aċt muna ndeárnaḋ, do ṫuit an soiṫeaċ dá ceann agus leig sí a sean-ḃéic le méid an uaṁain a ṫáinic ar a croiḋe.
“A Ṁatan! a Ṁatan!” ar sí le n-a coṁluadar agus í ag dul i laige.
“A Ċoba! a Ċoba, a ċroiḋe!” ars’ an ḃean eile agus súile na beirte sáiṫte i ḃfear óg na gruaige fada duiḃe.
Ḃí aġaiḋ an ḃáis ar an ḃfear óg!
Musgluiġeaḋ é, má’s ’n-a ċodlaḋ a ḃí sé. D’éiriġ sé. Ċuaiḋ i ḃfoċair na mban le caḃruġaḋ leó. Ċuir daṫ liaṫ ḃuiḋe a éadain sgannraḋ agus alltaċt ar na mnáiḃ gur ḃriseadar ceann dá soiṫiġiḃ do ḃarr na heagla. Aċt na súile a ḃí ’n-a ċeann! Ba ċosaṁail le ḋá ṗoll a ṫollfaiḋe i n-aḋmad le iarann te iad, aċt gur ḟan ruainne beag de ṡolus neaṁṡaoġalta i dtóin na bpoll doiṁin sin.