Jump to content

Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/108

From Wikisource
This page has not been proofread.

98

an deiscirt; gréas-obair ó Ṗers na gcéadta teampall; agus ċonnaic an ḃean na hearraiḋe uile sin ar ḋruim na gcáṁall agus na n-asal agus iad ag gaḃail an tsliġe, agus ċuir sí dúil a croiḋe i gcuid díoḃ.

Ċonnaic sí buiḋean ṁór ceannaiḋṫe ċuici anoir treasna an ṁaċaire lá agus í ’na suiḋe cois an ḟuaráin leaṫ- taoḃ na sliġe. Rinneadar coṁnaiḋe ag an ḃfuarán le uisge ṫaḃairt dá mbeiṫiḋ ġiḃ. Ḃí ceannaiḋe óg ar an mbuiḋin, agus ó ḃí an ḃean a ḃí ’na suiḋe i n-aice a ḟuaráin an-daṫaṁail ċuir sé cainnt uirṫi. Ṫasbáin sé seóid ḋi. B’ḟiú oċt gcéad eaċ Arabaċ an ċloċ uasal ṫasbáin sé ḋi.

“Feicfiḋear an ċloċ sin i gcoróin bainríoġna cuṁaċ- taiġe atá sa Doṁan Ṫiar,” ars’ an ceannaiḋe; “dá mbaḋ duine saiḋḃir mé,” ar sé, “ní sgarfainn an ċloċ uasal áluinn ó’n mnaoi uasail áluinn go deó,” agus ċuir sé an ċloċ ag spréaċarnaiġ ’na duḃḟolt buaclaċ.

Ċonnaic sise an loinnir ait a ṫáinig i súiliḃ na ḃfear ar ḟeiceál áilneaċt na cloiċe agus ar ḟeiceál a háilneaċt féin ḋóiḃ; agus ar ḟéaċaint isteaċ i nglé-uisge an ḟuaráin ḋi, do ṫuig sí céard a rinne a súile níos solus- ṁaire ná an ċloċ féin.

Rinne sí rún daingean ar an toirt go mbeaḋ cloċa buaḋa agus éadaiġ míne aici feasta.

An oiḋċe sin rinne sí cainnt leis an gceárdaiḋe.

“Daoine naċ ḃfuil leaṫ ċoṁ cliste leat-sa,” ar sise, “is féidir leó airgead a ḋéanaṁ; is féidir leó cultaċa luaċṁara agus seóda a ḃronnaḋ ar a mnaiḃ; ba ċóir duit-se an beagán beag sin a ḋéanaṁ ar mo ṡon-sa.”

Duḃairt sí an ċainnt sin agus cainnt naċ í. Do ṁeall agus do ḃladair agus do ḃréag sí é le briaṫraiḃ binne agus le glór bog ceolṁar, agus le féaċaintiḃ gráḋṁara agus leis an uile ċleasaiḋeaċt ṫug na mná leó ó ḋúṫċas; agus ó ṫug seisean na seaċt ngráḋ ar ar ṫráċt mo ṁac-