96
minic, aċt is uaisle é, má’s boiċte, ná a ḃráṫair atá faoi ċuing an duine. Asal fiaḋain sléiḃe mise, a rí, agus níl aon ġnó agam de ṁaoin ṁóir, de ṫiġṫiḃ uaisle, de ṁoġaiḃ ná de ṫailtiḃ leaṫna. Uisge ón ḃfuarán, caora ón gcoill, solus na gréine agus an tsláinte aṁáin atá uaim-se .... agus táir ag baint an tsoluis ḋíom anois, a rí,” agus do rug sé as a ċasúr agus ar a ṡiséal.
Aċt ní túisge ḃí an rí agus a ċoṁluċt imṫiġṫe uaiḋ ná ṫáinig drong eile ar cuairt ċuige. Ní drong ḋaonna ṫáinig ċuige an uair seo aċt min-ṁíolta sgiaṫánaċa na coille, agus ḃíodar ag eiteall timċeall ar a ċeann, agus timċeall ar a ṡaoṫar, aċt nár ṁoṫuiġ seisean ann iad, ḃí sé ag maċtnaṁ ċoṁ mór sin.
III.
Ḃí sé ag obair ar feaḋ míosa uair, ag iarraiḋ íoṁáiġ ṁná a ġearraḋ. Ḃí sé tinn tuirseaċ tnáiṫte lag- ṁisneaṁail, mar ní raiḃ ag éirġe leis an ċuma ṡár-áluinn ba léir ḋó ḃeiṫ i ḃfolaċ san marmar a ḟoillsiuġaḋ. Ṫuit an oiḋċe air. Las sé an lóċrann, agus do ḋearc sé ar ṡaoṫar a láṁ.
Céard a ḃí air nár ḟéad sé an obair a ḋéanaṁ mar ba ċóir? An í an tsúil a ḃí ciontaċ leis? Níorḃ’ í. Ba léir ḋó an ḃean a ḃí foluiġṫe san marmar. An í an láṁ a ḃí ag cliseaḋ air sa deireaḋ? Ba ḋóiġ leis nárḃ’ í: ḃí an láṁ ċoṁ clisde is ḃí aon lá ariaṁ.
Aċt ḃí sé go cráiḋte. Do ḃuail sé faoi ar stól beag, agus do ċaiṫ sé aċar fada ag maċtnaṁ gan cor a ċur ḋe. Ṫáinig a ṡean-ċoṁluadar míolta sgiaṫánaċa na hoiḋċe, agus míolta ceiṫre gcos, agus feiṫidí éagsaṁla eile isteaċ ar an úrlár ċuige. Ḃí an ġealaċ lán agus solus breaġ uaiṫi. Ḃí nead réaltóg mbeag sa spéir ṫoir, agus connaċṫas dó go mbeaḋ leis dá ḃféadfaḋ sé taiṫneaṁ na réaltóg sin a ċur i súiliḃ na mná a ḃí dá múnlaḋ aige.