“Ná Leig Sinn i gCaṫuġaḋ.”
Ag seo sgéal eile ḃaineas as an sean-leaḃar Síneaċ. Feicfear ó innseaċt an sgéil, agus ó ḟeallsaṁnaċt an uġdair, gurab é an duine céadna sgríoḃ é féin agus an ceann eile a d’innseas roiṁe seo.
I.
Nuair a ḃí Alum-ba ’na ríġ ar ċríoċ na nAibitíneaċ ḃí saor cloċ ann agus ḃí cáil ṁór air ar fud an Oirṫir as ḟeaḃas a ċeárdaiḋeaċta. Ḃíoḋ ríġṫe móra ó ṫíorṫaiḃ i ḃfad i gcéin ag triall air ag iarraiḋ air dealḃ nó íoṁáiġ éigin eile a ġearraḋ ḋóiḃ as an marmar ċruaiḋ. Aċt do ḋiúltuiġeaḋ sé ḋóiḃ. Saoṫar mór dealḃadóir- eaċta a ḃí ceapṫa aige féin a ċur i ngníoṁ, sin a raiḃ uaiḋ. Agus leis an obair sin a ḋéanaṁ ar a ṡocaṁlaċt do ṫréig sé na caṫraċa móra agus na tiġṫe uaisle ’n-a mbíoḋ fáilte ṁór roiṁe de ló agus d’oiḋċe; do ṫréig sé a aṫair agus a ṁáṫair, a ḋearḃráiṫreaċa agus a ḋeirḃṡiúraċa, a ċoṁluadar agus a ċáirde uile; a ṁaoin ṁór agus a ċáil, d’ḟág sé ’na ḋiaiḋ iad agus do ġluais leis, é féin agus sean-ṁoġa, gur ṡroiċeadar doire coille a ḃí coṁgaraċ do ċoiléar marmair ḃáin ar ḃruaċ sruṫláin ċrónánaiġ. Ṫógadar ḋá ḃoiṫ san doire sin, boṫ ṡuain agus boṫ oibre. Agus ḃíoḋ an ḃeirt ḟear ag obair san gcoiléar ag baint marmair i gcoṁair an tsaoṫair, go dtéiḋeaḋ an ġrian faoi gaċ oiḋċe; agus i ngaċ cloiċ dá mbainidís d’ḟeiceaḋ an ceárdaiḋe cuid den tsaoṫar ṁór dá dtug sé a ċroiḋe, agus ṫigeaḋ aiteas agus meanma air gur éiriġ leis sgaraḋ le baois agus le maoin ḃréagaiġ an tsaoġail.
Ḃí a ċroiḋe agus a anam uile tugṫa don obair ṁóir
a leag sé amaċ ḋó féin. Níor ċuiṁniġ sé aċt ar an obair
93