90
Ní ċeapfaiḋe ar an gcaint agus ar na gníoṁarṫaiḃ gráḋa a ċuaiḋ léiṫi go mba baoite iad le eólas a nadúire a ḃaint aisti i ngan-ḟios di.
***
An oiḋċe ċéadna sin, ḃí an ġealaċ ag éiriġ agus an ḃeirt aca ’n-a suiḋe cois a ċéile faoi’n gcrann fíneaṁna. Ḃí an ṁuir ṁór ċiúin ós a gcoṁair amaċ, agus mar ḃeaḋ droiċead airgid ġlé idir iad agus tír a ndúṫċais. Balaḋ trom ó’n muir, agus balaḋ aoiḃinn cuṁarṫa na mbláṫ i n-a srónaiḃ. Gráḋ i gcroiḋe na mná. Dúil san eólas i gcroiḋe an ḟir.
“Dá mbaḋ fíor-ḋroiċead é sin ar ndóiġ, ní imṫeóċṫa uaim,” ar sise agus leig sí siar a ceann ar a gualainn go raiḃ solus na gealaiġe ag teaċt anuas go hiomlán agus go haoiḃinn ar a héadan sgiaṁaċ.
“Ní imṫeóċainn,” ar seisean. “Cleas na teangṁála,” ṫug sé ar an ngníoṁ ḃí déanta aici, mar ṫeanguiġ dlaoi dá cuid gruaige le n-a leicinn.
Ḋearc sí air agus ṫáinig boige agus gráḋ n-a súiliḃ. “Cleas na súl,” ṫug sé ar an gcleas sin.
Ḃog sí a béal ar nós duine ḃeaḋ ar tí laḃairt, aċt ní raiḃ baoġal uirṫi. “Cuireaḋ ċum póige,” ṫug sé ar an gcleas sin.
D’éaluiġ osna uaiṫi: “Déan truaiġ liom,” ṫug sé ar an gcleas sin.
Ċuir sí goic agus goṫaí uirṫi féin: “naċ áluinn mé,” ṫug sé air sin.
Sgaoil sé cúpla focal uaiḋ d’aon uġaim le éad a ċur uirṫi. D’éiriġ leis. D’éaluiġ na sgamaill dorċa ṫar a héadan, agus is air a ḃí an obair ag iarraiḋ a ruaigeaḋ. Leis sin a ḋéanaṁ b’éigin dó a ċuid cleas féin a ċleaċtaḋ agus rinne sé an gnó sin go cliste aicliḋe. Ba ḋóiġ leat air gur ag bréagaḋ ban ċaiṫ sé a ṡaoġal. Ba ṁaiṫ