Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

14

ġluais Alasdar mac Colla agus an ṗártaiġ dá gcois go Caol Reiṫe. Do ṡeol an loingeas go Loċ Eiseórd san Sraṫ go Sir Doṁnall — do ḃí orduġaḋ an ríoġ agus an Ṁarcóis Aontroma um ċeannus na ndaoine do ġaḃáil ċuige agus d’éirġe leó agus gaċ duine do éirġeaḋ leó.

Leaṫ-ḃliaḋain roiṁe sin fuair Sir Doṁnall bás. Tairgeas Alasdar mac Colla ceannas na ndaoine do Sir Séamus Mac Doṁnaill agus diúltas Sir Séamus sin, óir buḋ ḃeag leis an ċuideaċta agus an ríoġaċt uile ’na n-aġaiḋ agus gan san ċuideaċt aċt cúig céad déag fear, gur b’é coṁairle do ċuir Alasdar roiṁe filleaḋ ar ais go hÉirinn, ó nár freagraḋ orduġaḋ an rí uaṫa. Fán am sin tángadar trí longa móra do loingeas cogaiḋ na Parlameinte Albanaiġe timċeall ó Líte gur ṡeóladar go rángadar bun Loċa hEiseórd agus loingeas Alasdair istiġ san loċ; tugadar troid dóiḃ, giḋeaḋ do gaḃaḋ loingeas Alasdair, ionnus gur ḃ’éigean d’Alasdar anṁain san ríoġaċt ina dtárla, olc ar ṁaiṫ leis é.

Gluaisis roiṁe tar Ċaol Reiṫe, tar monaḋ Ċuaiċ, as sin dóiḃ go Gleann Garaḋ, go ndearnadar campa ann, agus fuaradar martaċt go saiḋḃir dá ṁuinntir agus níor éiriġ a ḃeag do ḋaoiniḃ. As sin dóiḃ go Báideineaċ agus do rinneadar campa ann soin. Do fógradar do ṁuinntir na tíre sin teaċt isteaċ i n-arm an ríoġ nó go loisgfeaḋ agus go gcreaċfaḋ an tír do taisbeánaḋ an t-orduġaḋ ḋóiḃ agus do ṫógḃadar leis an orduġaḋ sin Clann Ṁuireaḋaiġ Ḃáideineaċ agus caiptín agus ceann feaḋna maiṫ dá ḃfuil féin rómpa .i. Eoġan Óg mac Andra ṁic Eoġain tug trí ċéad fear dá ḟuil féin leis i n-arm an ríoġ agus do ḃádar ro-ṡeasmaċ san arm an feaḋ do ṁair an cogaḋ. Do éiriġ Clann Ḟionnlaoiġ Ḃráiġe Ṁarr leó agus ceann feaḋna dá ḃfuil féin rómpa .i. Doṁnall Óg mac Doṁnaill ṁic Ḟionnlaoiġ. Do ġluaiseadar as sin d’Áṫ-Fódla agus tárla Iarla