Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/64

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

60

an ṁaiṫ an ḃreaġtaċt ná téiġeann ṫar ċroiceann isteaċ? Dá mbéaḋ do ċroíḋe agus t’ aigne ċóṁ breaġ leis an gcroiceann ba rud éigin duit ḃeiṫ ag maoiḋeaṁ as. Aċ dá mbeidís, níor ġáḋ 25 ḋuit aon ṁaoiḋeaṁ a ḋéanaṁ ansan, mar ḃeimís go léir a’d ṁolaḋ. Bíoḋ ciall agat agus cuir uait an maoiḋeaṁ.”

An Múineaḋ.

Bíonn aigne ġránna, uaireanta, laistiġ de 30 ċroiceann áluinn.

Ná mol an croiceann go ḃfeicir cad ’tá laistiġ dé.


42.—AN PÁGÁNAĊ AGUS AN ÍOṀÁIĠ.

Ḃí págánaċ ann agus ḃí íoṁaiġ aige, agus ḃí árd urraim aige do’n íoṁaiġ. Ḃíoḋ sé coit- ċianta ag aḋraḋ na h-íoṁáiġe agus ’ġá iarraiḋ uirṫi an raṫ do ċur air féin agus ar a 5 ġnóṫaiḃ, aċ d’á ṁéid a d’aḋraḋ sé an íoṁaiġ is eaḋ is mó a ġaḃaḋ an saoġal ’n-a ċoinniḃ. Fé ḋeireaḋ do ḃris ar an ḃfoiḋne aige agus do rug sé ar an íoṁaiġ agus do ḃuail sé buille d’á ceann ar an ḃfalla. Do briseaḋ an ceann agus 10 do ṫuit lán a hata de ṗíosaíḃ óir amaċ as!

“Aililiú!” ar seisean. “Is ait an saġas dé ṫú! An ḟaid a ḋeineas tú ḋ’aḋraḋ níor ḋeinis aon rud dom, agus nuair a ḃuaileas buille de d’ ċeann ar an ḃfalla ḋeinis fear saiḋḃir 15 díom!”