Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

49

go ndeiġeas go minic, ó buaileaḋ breóite é, ċóṁ fada le béal na pluaise ’n-a ḃfuil sé ’n-a luiġe, agus go dtagaḋ sgannraḋ orm nuair a ċínn rian 15 cos na n-ainṁiḋṫe eile ann, agus aġaiḋ gaċ riain isteaċ, agus gan aġaiḋ aon riain amaċ. Nuair a ċínn an níḋ sin ṫagaḋ sgannraḋ orm, agus ní ḟéadainn dul isteaċ.”

Ḃí ḟios ag an mada-ruaḋ ná raiḃ aon ḃreóiteaċt 20 ar an leóṁan, ná raiḃ fé aċ ’ġá leigint air go raiḃ sé breóite i dtreó go dtiocfaḋ na h-ainṁiḋṫe uaṫa féin agus nár ġáḋ ḋó beiṫ ’ġá ḃfiaḋaċ.

An Múineaḋ.

“Ní h-ionann dul go tíġ an ríġ agus teaċt as. 25 Is sleaṁain iad leacaċa an tíġe ṁóiṁ”

An ċiall a ċeannaiġ duine eile ḋuit taḃair aire ṁaiṫ di.

35.—HERCULES AGUS AN CAIRÉIR.

Ḃí cairéir ag tarrang aḋmaid. Ḃí ḋá ċapall aige ag tarrang an ċafra agus ḃí ualaċ trom ar an gcarra. Úáinig sé go h-áit de’n ḃóṫar a ḃí ró ḃog agus ċuaiḋ ceann des na roṫanaiḃ síos go mol tríd an mbóṫar, agus do stad na 5 capaill. Ḃuail sé na capaill. Ní raiḃ aon ṁaiṫ ḋó ann. Ní ḟéadfaidís aon ḃogaḋ ḃaint as an ualaċ. Ċaiṫ sé é fém ar a ḋá ġlúm aguf

ġlaoiḋ sé ar Hercules, agus d’iarr sé air teaċt

D