Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/73

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

bheirt chailíní oibre agus meicneora. D'fhreastail cailín sraoilleach air.

“Cé mhéad ar phláta piseanna?” a d’fhiafraigh sé.

“Trí leathphingin, sir,” ar an cailín.

“Beir pláta piseanna chugam,” a dúirt sé, “agus buidéal bheoir sinséir.”

Labhair sé go garbh le ceilt a chuma ghalánta, óir stop an chaint nuair a tháinig sé isteach. Bhí lasadh ina ghrua. Shá sé a chaipín siar ar a cheann agus lig a uillinneacha anuas ar an bhord a chur i gcéill go raibh sé ar a shuaimhneas. Rinne an meicneoir agus an bheirt chailíní iniúchadh géar air sular fhilleadar ar a gcomhrá i nglór beag. Rug an cailín pláta piseanna glasa le piobar agus fínéagar chuige, chomh maith le foirc agus a bheoir shinséir. Phlac sé a bhia go santach agus thaitin sé chomh mór leis gur thogair teacht ar ais chuig an tsiopa céanna arís. Nuair a bhí na piseanna ar fad caite aige, bhlais sé a bheoir shinséir agus shuigh siar ar feadh scaithimh maith agus é ag smaoineamh faoi eachtra an Toirdhealbhaigh. Chonacthas beirt leannán ag siúl bóthair dorcha éigin dó; chualathas glór toll Corley agus é i mbun cluanaíochta bríomhaire dó agus d’athshamhlaigh sé cár teaspach gáire na mná óga. Mheabhraigh an íomhá seo a dhíth airgid agus anama féin go géar dó. Bhí sé tuirseach den mhangaireacht thart, de bheith ar bhalláin stéille an mhadra, bhí tuirseach de chora is de chleasa. Bheadh sé aon bhliain déag is fichead i mí na Samhna. Nach bhfaigheadh sé post maith riamh? Nach mbeadh a áras féin aige riamh? Ba mhéanar, a smaoinigh sé, dá mbeadh tine teolaí le suí lena hais aige agus