Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

a raibh cíocras a dhinnéir ag teacht air, gur thug seisean ceann don mhíníneacht seo áfach.

Bhí an dinnéar ar fheabhas, b’fhíorálainn é. Chomhair Jimmy gur bhéasaí sofaisticiúil é Ségoin. Méadaíodh an chuideachta le Sacsanach óg darb ainm Routh a bhfaca Jimmy i dteannta Ségouin in Cambridge é. D’ith agus d’ól na fir óga le chéile i seomra seascair a bhí faoi sholas lampaí coinnle leictreacha. Bhíodar ag stealladh cainte agus is beag dúnáras a bhí orthu. Shamhlaigh Jimmy, a bhí a íomháineacht ag múscailt ann, shamhlaigh óige bhíogúil an Fhrancaigh casta go healaíonta timpeall chreatlach dhaingean dhóigh an tSacsanaigh. Samhlú grástúil, a mheas sé, agus samhlú cruinn. Chuaigh an stuaim lenar stiúir a dtíosach an comhrá i gcionn air. Bhí a luí féin ag gach aon duine den chúigear fear óg agus ligeadar scód lena dteangacha. Le hurraim is le meas thosaigh Villona ag cásamh dul i léig na sean-uirlisí ceoil agus ag míniú áilleacht an madrigal Sacsanach don tSacsanach, rud a chuir pas beag ionaidh airsean. Thug Rivière faoi mhíniú bhua na n-inneall Francach do Jimmy, míniú nach raibh gan chlaonadh. Bhí guth glórach an Ungáraigh ag fáil an chinn ab fhearr ar an chomhrá agus é ag déanamh fonóide faoi liúiteanna bréagacha na bpéintéirí rómánsacha nuair a threoraigh Ségouin a chuideachta i dtreo chúrsaí polaitíochta. Seo ábhar cainte a d’fheilfeadh do chách. San atmaisféar spreagúil ann, bhraith Jimmy dúthracht cheilte a athar ag borradh istigh ina chliabh: chroith Jimmy Routh as a spadántacht faoi dheireadh. Mhéadaigh teocht an tseomra faoi dhó agus d’éirigh dualgas Ségouin níos deacra agus níos deacra fós le gach nóiméad: bhí