Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/252

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ag bualadh bos i gcónaí agus gach aon duine eile éirithe as, agus bhí ag labhairt go tógtha lena mháthair. Sméid sise a ceann go mall tromchúiseach leis mar ghéilleadh dhá dhíocas. I ndeireadh na scríbe, nuair nach raibh acmhainn bhualadh bos aige níos mó, sheas go grod agus thug ruathar faoi Aunt Julia trasna an tseomra gur rug a lámh ina dhá lámh, dá creathadh nuair nár tháinig na focail leis nó nár lig an sceach ina scornach na focail leis.

“Do dúras le mo mháthair anois beag,” ar sé, “nach rabhais chomh maith sin riamh liom ag gabháil fhoinn. Arú, ní raibh do ghlór chomh binn sin riamh is atá anocht. Anois! An gcreidfeá sin anois? Sin an fhírinne. Ar mo bhriathair is ar m’onóir sin an fhírinne. Ní raibh do ghlór chomh fuinniúil ná chomh... chomh glan agus fuinniúil, riamh.”

Leath an gáire ar Aunt Julia agus dúirt sí rud éigean ós íseal faoin mholadh agus í ag scaoileadh a láimhe óna lámha siúd. Shín Mr Browne bos ina treo ag rá leo siúd i ngiorracht dó, mar a dhéanfadh fear seó ag tabhairt óig éachtaigh aige os comhair an lucht féachana dhó:

“Miss Julia Morkam, an fhionnachtain is déanaí agam!”

Bhí sé ag gáire go croíúil faoi seo é féin nuair do thug Freddy Malins aghaidh air go ndúirt:

“Sea, Browne, más i ndáiríre ataoi d’fhéadfá fionnachtain níos measa a dhéanamh. Ó mo thaobhsa dhe níor chualas guth leath chomh maith sin uaithi riamh fad is atáim ag teacht anseo. Agus sin lom na fírinne.”

“Ná mise ach oiread,” ar Mr Browne. “Measaim gur fheabhsaigh a glór go mór.”

Chroith Aunt Julia gualainn agus dúirt le bród cúthail: